Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: anos · aois · Adonis · aníos · aoin
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Now and again, ever and again, anois is arís; ó am go ham.
The present age, an ghlúin atá anois ann.
She has now another husband, tá fear eile anois aici.
(Just) as we did last year, so we must do now, an rud a rinneamar anuraidh, is é a chaithfimid a dhéanamh anois arís.
We will now turn our attention to . . ., tabharfaimid ár n-aghaidh anois ar ...
He has the ball at his feet, tá rith an rása anois aige.
He is (now) a teacher, tá sé ina mhúinteoir (anois).
She has become a big girl, cailín mór atá anois inti.
Cut your cackle! beagán glagaireachta uait anois!
I now call upon Mr. S., tá mé ag iarraidh ar Mhac Uí Sh. labhairt anois.
(To inferior) You can go now, tá cead agat imeacht anois; féadfaidh tú imeacht anois.
May I go now? an bhféadfaidh mé imeacht anois?
Now's your chance! anois atá an deis agat!
F: The coast is clear, níl duine ná deoraí sa bhealach anois.
Come now! seo anois!
Now that I come to think of it, anois ó chuimhnigh mé air.
I have come to believe that . . ., creidim anois go . . .
He is comfortable, tá ré an achair aige, tá suaimhneas aige anois.
I am too deeply committed to draw back, tá mé chomh domhain anois ann agus nach bhféadfaidh mé éirí as.
F: He has turned the corner, tá leis anois; tá an t-aothú curtha thairis aige.
It is many a long day since you did that, is fada an lá anois ó rinne tú é sin.
Now he has a different tale to tell, tá athrach scéil anois aige.
I could do with a cup of tea now, ní dhéanfadh cupán tae aon dochar dhom anois.
He has entered upon his sixty-second year, tá sé sa dara bliain is trí scóir anois.
Even now, anois féin, go fiú anois.
Even now, anois díreach.
Ever and anon, ever and again, anois agus arís; ó uair go chéile.
Fancy now! fancy (that)! féach air sin anois!
They are fewer now, is lú, is teirce, anois iad.
He has got into a fix, tá sé i gcruachás anois aige féin.
For you to back out now would be a disgrace, ba mhór an náire é, tú a éirí as anois.
P: It's all the go now, is é an faisean anois é; is air atá tóir anois.
That’s not dear as things go, níl sin daor agus an luach atá anois ar rudaí.
Now you've (been and) gone and done it! tá an donas déanta anois agat!
I am going to tell you a story, inseoidh mé scéal duit anois.
I shall now go on to another matter, tráchtfaidh mé anois ar scéal eile.
That's the goods! sin í an obair ar fónamh! anois atá tú ag caint! mo ghraidhn (do bhaile)!
Now then, my hearties! anois, a chailleacha! a fheara!
F: Hold on (a bit)! go réidh anois!
F: Here's a (pretty) how-d'ye-do, anois atá an tine ar an sop; anois atá an scéal ina phraiseach!
Just imagine!, féach air sin anois!
Afternoon tea has become an institution, tá an tae beag ina bhun-nós anois.
It only remains now to thank the reader, níl le déanamh anois ach buíochas a thabhairt don léitheoir.
I saw him just now, anois go díreach, anois beag, a chonaic mé é.
I have (only) just come, anois mo theacht go díreach.
I have only just heard it, anois go díreach a chualas é.
He is just going out, anois díreach atá sé ag dul amach.
Here's a pretty kettle of fish! anois atá an brachán déanta!
He has no kick left in him, níl spionnadh ar bith anois ann.
Now then, my lads! seo anois a fheara, a chailleacha!
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News