Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: anraith · achmair · ariamh · armtha · maraithe
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
It admits of improvement, d'fhéadfaí feabhas a chur air.
In aid of, ar mhaithe le.
The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
I am fully alive to the honour they have done me, tá tuiscint mhaith agam ar an onóir a fuair mé uathu.
He laid his ambitions on the altar, thug sé cúl lena mhian (ar mhaithe le cúis, etc.).
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
To do sth. anyhow, rud a dhéanamh ar chuma éigin, rud a dhéanamh ar dhóigh ar bith (maith olc é).
For the sake of appearances, ar mhaithe le clú, le honóir.
He doesn't appreciate good music, ní fhaigheann sé blas ar bith ar cheol maith, ní thuigeann sé cad is ceol maith ann.
There was a good attendance at the meeting, rinneadh freastal maith ar an gcruinniú.
This is far and away the best, seo an rud is fearr ar gach uile bhealach.
Aye, aye, sir! ar ordú, a dhuine uasail! tá go maith, a chaptaein!
John is the best (of them), is é Seán is fearr (orthu).
I am better, tá feabhas orm; tá biseach orm.
To, for, on, s.o.'s behoof, ar mhaithe le duine; ar son duine.
For his own behoof, ar mhaithe leis féin.
For the benefit of the poor, ar mhaithe leis na boicht.
The best plan would be to ask him, séard ab fhearr a dhéanamh ceist a chur air.
To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh.
The weather is better, tá feabhas ar an aimsir.
To get the better of s.o., (i) an ceann is fearr a fháil ar dhuine; (ii) (cheat) cleas a imirt ar dhuine, dul i mbarr ruda ar dhuine.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
Are fish biting? bhfuil éirí mhaith, aiste, ar an iasc?
Salt water is more buoyant than fresh, is fearr ón sáile rud a choinneáil ar snámh ná ón bhfíoruisce.
I could have wished it otherwise, b'fhearr liom ar bhealach éigin eile é.
It is capable of improvement, is féidir feabhas a chur air.
He was carried away by anger, fuair an fhearg bua, an ceann is fearr, air.
If the play catches on, má bhíonn éileamh maith ar an dráma.
He is dressed in his best clothes, tá an chulaith is fearr aige air; F: tá a chulaith Domhnaigh air.
Competent knowledge of Irish, eolas maith ar an nGaeilge.
He has a clear conception of that, tá tuiscint mhaith aige air sin.
(Of livestock) They are in good, bad, condition, tá ordú maith, droch-ordú, orthu.
I did it for conscience sake, rinne mé ar mhaithe le mo choinsias é.
To contribute to the success of sth., oibriú ar mhaithe le rud, chun leasa do rud, ar son ruda.
Marriage of convenience, pósadh ar mhaithe le spré.
To cope with a difficulty, an ceann is fearr, an lámh in uachtar, a fháil ar dheacracht.
He counts among my best friends, tá sé ar dhuine de na cairde is fearr agam.
What can't be cured must be endured, beart gan leigheas, foighne is fearr air.
He is a good deal better, tá feabhas mór air.
He is distinctly better, níl (aon) amhras nach bhfuil feabhas air.
They do you very well at this hotel, cuirtear cóir an-mhaith ar dhaoine sa teach aíochta seo.
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
He has had a good education, tá scolaíocht mhaith air.
They entertained me well, chaith siad go maith liom, chuir siad cóir mhaith orm.
He fell short of my expectations, loic sé orm, ní raibh sé chomh maith is bhí súil agam a bheadh sé.
It is set fair, tá bun maith air.
Things fell out well, tharla deireadh maith ar na cúrsaí.
I feel all the better for it, mothaím feabhas mór orm féin dá bharr.
He films well, tagann sé amach go maith ar an scannán.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News