PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There is no blinking the fact, níl maith bheith ag iarraidh a cheilt; níl ach amaidí dul ar chúl scéithe leis.
To have a decent competence, bheith go maith as.
I don't like to drive at night, ní maith liom bheith ag tiomáint san oíche.
To have an ear, a fine ear, for music; to have a good ear, cluas mhaith don cheol a bheith agat.
Emulative of s.o., ag iarraidh bheith chomh maith le duine (eile), ag ceártas le duine.
Excuse my being late, maith dhom é mé a bheith deireanach.
Sp: To have one's eye well in, an tsúil a bheith cleachta go maith ag duine.
To have good eyesight, an radharc a bheith go maith agat.
To live on the fat of the land, an chuid is fearr de gach rud a bheith agat,
To feel foolish, bheith leamh go maith díot féin.
To have a good grounding in Latin, buneolas maith ar an Laidin a bheith agat.
It is important for you to know that, b'fhearr duit a fhios sin a bheith agat.
To be an improvement on sth., bheith níos fearr ná rud.
To be inferior to sth., s.o., gan a bheith chomh maith le rud, duine.
He must have his little joke, is maith leis bheith ag déanamh grinn.
I should like to be able to help you, ba mhaith liom a bheith in ann cabhrú leat.
I love to do it, I love doing it, ní fearr liom aon ní ná bheith á dhéanamh.
(Of thg.) To come, be, up to the mark, bheith chomh maith is ba cheart.
To attend Mass regularly, bheith i d'Aifreannach maith.
To know one's own mind, a fhios a bheith agat céard ba mhaith leat.
Any house is better than none at all, is fearr aon saghas tí ná bheith gan teach ar bith.
To be well off, bheith go maith as.
I do not wish it other than it is, níor mhaith liom a bheith (ar a athrach de dhóigh) ach mar atá sé.
I have much pleasure in saying . . ., is maith liom a bheith le rá agam go . . .
To work to good purpose, toradh (maith) a bheith ar do chuid oibre; obair chríochnúil a dhéanamh.
Do you want to be in on this racket? ar mhaith leat a bheith sa bhaicle?
To rank among the best, bheith ar an gcuid is fearr acu.
It is no use remonstrating with him, ní aon mhaith a bheith leis.
To be in (good) repair, ordú maith a bheith ar.
To be retentive of sth., bheith go maith chun rud a choinneáil, a choimeád.
There is (much) room for improvement, d'fhéadfadh sé bheith (cuid mhaith) níos fearr.
To go at a good round pace, siúl maith cothrom a bheith fút.
I should not like to be in his shoes, níor mhaith liom bheith ina chraiceann.
He is fond of show, is maith leis an solas a bheith air.
To be a good, bad, speller, an litriú a bheith go maith, go dona, agat.
To stand up to one's work, bheith in ann, go maith, chuig do chuid oibre.
That is a treat in store, is maith a bheith ag súil leis.
To be in a good, bad, temper, aoibh mhaith, drochaoibh, a bheith ort.
But there, what is the good of talking! ach más ea, cad é an mhaith a bheith ag caint!
You would like it to be true, ba mhaith leat a bheith fíor.
To be long in the tooth, na géaráin a bheith curtha go maith agat.
To treat s.o. well, bheith i do cheann maith do dhuine, caitheamh go maith le duine.
To be in good trim, a bheith ar do chóir féin, caoi mhaith a bheith ort.
I prefer a certainty to an uncertainty, is fearr liom bheith cinnte ná dul sa seans.
To be up to a job, bheith in ann go maith chuig obair.
It is no use discussing it, níl maith a bheith ag caint air.
To use s.o. well, bheith i do cheann maith do dhuine; caitheamh go maith le duine.
To be useless, bheith gan mhaith.
To be well versed in business matters, bheith beachtaithe go maith i gcúrsaí gnó.
You would do well to keep quiet, b'fhearr dhuit, ba é do leas é, bheith i do thost.