PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Angling for trout, ag iascaireacht breac.
At dawn, le breacadh an lae.
A bird in the hand is worth two in the bush, is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.
The day was beginning to break, bhí an lá ag tosú ag breacadh, ag fáinniú.
He is a queer card, is aisteach an breac é.
F: A caution, mac, breac, barrúil; inion, bean, bharrúil.
A queer chap, breac m aisteach.
F: He's a character, mac barrúil é, breac aisteach é.
Don't count your chickens before they are hatched, ní breac é go mbeidh sé ar an bport; ná maraigh an fia go bhfeicfidh tú é.
F: A queer customer, breac m aisteach; duine m corr.
Dashed with colours, breactha le dathanna.
At dawn, le breacadh an lae, le fáinne an lae.
At break of day, le breacadh an lae.
At day break, le breacadh an lae, le haithint an lae, leis an lá.
Before daylight, roimh bhreacadh an lae.
Hill which was dotted with houses, cnoc a bhí breac le tithe.
A (single) fish, breac m (éisc); coll. iasc m.
He is as fit as a fiddle, tá sé chomh folláin le breac, tá sláinte an bhradáin aige.
There's a fly in the ointment, is é an breac sa bhainne é.
To get sth. down (on paper), rud a bhreacadh (ar pháipéar).
Great spotted gull, cailleach bhreac.
First catch your hare, cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
He has some idea of chemistry, tá eolas éigin, breac-eolas, aige ar an gceimic.
To jot sth. down, rud a bhreacadh síos.
Jotting down (of a note), breacadh m síos (nóta).
To land a fish, breac a thabhairt ar an bport.
He lards his writings with English words, tá a shaothar breactha le focail Bhéarla aige.
The first light of dawn, breacadh m an lae.
To give a fish plenty of line, neart dorú a scaoileadh le breac.
To be marked with spots, bheith breactha (le baill).
To make a memorandum of sth., nóta a bhreacadh síos faoi rud.
A queer merchant, breac m aisteach.
To take (down) notes, nótaí a bhreacadh.
To note sth. down, rud a bhreacadh síos; rud a chur i scríbhinn; nóta a dhéanamh de rud.
To take an observation, pointí airde (gréine, réalta) a bhreacadh.
At peep of day, le breacadh an lae; le teacht dheirge an dá néal.
Book-k: To post the books, na leabhair a bhreacadh.
To post an entry, iontráil f a bhreacadh.
To post up the ledger, an leabhar mór a bhreacadh.
Two-pounder, (breac, etc.) dhá phunt.
Field pranked with flowers, páirc f (atá) breac ballach le bláthanna.
To make a record of sth., tuairisc a bhreacadh ar rud.
Brick is a retainer of heat, coimeádaí m teasa an brice.
Rise of day, breacadh m an lae.
The country is scattered all over with small towns, tá an tír uile breactha le bailte beaga.
F: To score up the drinks, na deochanna a bhreacadh ar scláta.
To scribble a few words, cúpla focal a bhreacadh go scrábach.
Scribbling paper, páipéar breactha.
Scribbling block, bloc breactha.
F: He is a queer specimen, is aisteach an breac, an ceann, é.