PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is of no account, is cuma ann nó as é.
To pay one's addresses to a lady, ceiliúr cumainn a chur ar bhean.
He affects big words, cumann sé caint ghalánta dó féin.
(Of a society) To affiliate members, baill a chomhthoghadh, a ghlacadh isteach i gcumann.
To affiliate s.o. to, with, a society, ball de chumann a dhéanamh de dhuine.
To affiliate (oneself) to, with, a society, comhcheangal le cumann, dul isteach mar bhall i gcumann.
To aggregate s.o. to a society, duine a thabhairt isteach i gcumann.
Aggressive appearance, cuma bhagrach.
F: He has an air about him, tá cuma ghalánta air; tá roilsí ag baint leis.
To put s.o. on (short) allowance, a chuid a chumadh le duine.
To do sth. anyhow, rud a dhéanamh ar chuma éigin, rud a dhéanamh ar dhóigh ar bith (maith olc é).
In spite of his apparent indifference, cé go sílfeadh duine go raibh sé ar nós chuma liom.
So it appears, so it would appear, sin an chuma, an chosúlacht, atá air.
The appearance of the streets, an chuma, an dreach, atá ar na sráideanna.
Athletic club, cumann lúthchleas.
He is awkward in appearance, tá cuma liobarnach air.
Because he composed a few verses of doggerel he thinks he is a poet, síleann sé gur file é cionn is gur chum sé cúpla raiméis gliogair.
(Be connected) He belongs to the society, tá sé ina bhall den chumann.
Benefit society, cumann tairbhithe.
Benevolent society, cumann carthanach.
To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh.
Here everything betokens peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach aon rud anseo.
F: To give birth to a poem, dán a chumadh.
Blow the expense! Expense be blowed! is cuma sa diabhal faoin gcostas.
It's none of your business, nach cuma duitse.
I don't care what he says, is cuma liom céard a déarfas sé.
What do I care? nach cuma liom?
I don't care! as if I cared! is cuma liom! ní miste liom!
I don't care a red cent, is cuma liom sa tubaiste.
He has a well-cared for appearance, tá cuma na haire air.
In any case, ar aon chaoi, ar aon chuma.
He gave a casual answer, d'fhreagair sé ar nós chuma liom.
Chamber of Commerce, Cumann m Lucht Tráchtála.
It is no concern of yours, nach cuma dhuit?
He showed deep concern at the news, bhí cuma air gur ghoill an scéal go mór air.
To break off a connection, cumann a bhriseadh.
Money is no consideration, is cuma faoin airgead.
His face was contorted by pain, bhí a éadan as a chuma le pian; bhí strainc air le pian.
(Of evidence, etc.) It carries conviction, tá cuma fhírinneach air.
Society for the Prevention of Cruelty to Animals, Cumann m Cosanta na nAinmhithe.
I don't care a damn, is cuma sa diabhal liom.
Debating society, cumann díospóireachta.
Here everything denotes peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach rud anseo.
Air of determination, cuma dhiongbháilte.
It makes no difference (to me), is cuma (dhomsa) é.
A disreputable looking person, duine a mbeadh cuma an bhithiúnaigh air, drochghotha air.
It is well enough in its way, but..., tá sé ceart go leor ar chuma, ach . . .
In either event you will lose nothing, cuma conas a ghabhfaidh ní chaillfirse pioc.
To call an extraordinary meeting of the society, cruinniú neamhghnách den chumann a ghlaoch.
F: I don't care a fiddlestick, is cuma liom sa tubaiste.