PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is a doctor, dochtúir é.
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
To take medical advice, barúil f dochtúra a fháil.
Medical aid, aire f dochtúra.
He was aiming at becoming a doctor, bhí sé ag aimsiú ar bheith ina dhochtúir.
The doctor was in attendance on him every day, bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá.
(With definite predicate) (i) He is the best doctor in the place, is é an dochtúir is fearr san áit é.
Are you the doctor? an tú an dochtúir?, I am, is mé.
I don't believe in doctors, níl muinín ar bith as dochtúirí agam.
To call (in) the doctor, fios a chur ar an dochtúir.
Very capable doctor, dochtúir m cumasach, ábalta.
It is a case for the doctor, is cás don dochtúir é.
Clinical thermometer, teirmiméadar m dochtúra.
Consulting physician, engineer, dochtúir m, innealtóir m comhairleach.
The doctor came directly, tháinig an dochtúir ar an bpointe.
To dispense a prescription, oideas m (dochtúra) a ullmhú.
Doctor of Divinity, Dochtúir le Diagacht.
He is doing medicine, tá sé ag foghlaim leighis, tá sé ag dul ina dhochtúir.
Sch: Doctor of Divinity, Dochtúir le Diagacht.
Woman doctor, dochtúir m mná, bandochtúir m.
Doctor, Dr., Smith, An Dochtúir Mac Gabhann.
To call in a doctor, fios a chur ar dhochtúir.
It is essential that a doctor should be called, ní foláir fios a chur ar dhochtúir.
No doctor, be he ever so skilful, could heal him, ní fhéadfadh dochtúir dá chlisteacht é a leigheas.
He underwent a medical examination, cuireadh scrúdú dochtúra air.
I went to find a doctor, chuas ag lorg dochtúra.
F: He is a full-blown doctor, tá sé ina dhochtúir déanta.
In his function as a doctor, ina cháilíocht mar dhochtúir.
He gave himself out for a doctor, thug sé teist dochtúra air féin.
F: I had the doctor in, bhí an dochtúir agam.
They were six including the doctor, bhíodar seisear ann, an dochtúir ar dhuine acu.
Lady doctor, dochtúir mná.
Doctor of laws, dochtúir le dlí.
A doctor like you, an té atá ina dhochtúir mar atá tusa.
To act as locum-tenens for a doctor, ionadaíocht a dhéanamh do dhochtúir.
Medical student, ábhar m dochtúra; mac léinn m leighis.
Medical officer of health, dochtúir oifigiúil na sláinte.
To be medically examined, dul faoi scrúdú dochtúra.
There's a knock, it must be the doctor, tá bualadh ag an doras, is é is dóiche gurb é an dochtúir é.
He is no doctor, ní dochtúir in aon chor é, níl aon mhaith ina dhochtúir leis.
Doctor of medicine, dochtúir leighis, le leigheas.
Doctor who is no longer in practice, dochtúir nach gcleachtann níos mó.
Medical practitioner, dochtúir m (i mbun a ghairme).
To take professional advice on a matter, dul i gcomhairle le fear gairme (le dochtúir, le dlíodóir, etc.) faoin scéal.
To qualify as a doctor, teacht amach i do dhochtúir.
Doctor of repute, dochtúir iomráiteach.
He is reputed to be a good doctor, tá an t-iomrá leis gur dochtúir maith é.
Resident physician, dochtúir m cónaitheach.
All save the doctor, iad uile ach an dochtúir, cé is moite den dochtúir.