PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is difficult of access, is deacair a ghabháil chomh fada leis.
The aftermost part, an chuid is faide siar, is faide chun deiridh.
He is ailing for a long time, is fada an lá ag éileamh, ag éagaoin, é.
I have been waiting for a long time, is fada ag fanacht mé.
This one is longer by two feet, is faide de dhá throigh an ceann seo; tá dhá throigh ag an gceann seo ar an gceann eile.
F: Not by a long chalk, is fada buí uaidh é.
A creaking gate hangs long, is fada go dtugann an croí fabhtach féin uaidh.
It is a far cry from here to..., is fada an t-achar as seo go . . .
It will be a long day before I go there again, is fada arís go rachad ann.
It is many a long day since you did that, is fada an lá anois ó rinne tú é sin.
This superstition will die hard, is fada go gcuirfear cúl ar an bpiseog seo.
There is a great difference between them, is fada buí óna chéile iad.
Directly contrary, contrártha ar fad, amach is amach(to, do).
I am a long time in doubt about that, is fada mé ag amhras faoi sin.
My earliest recollection, an chuimhne is faide siar i mo cheann; mo sheanchuimhne.
Far and wide, go fada fairsing, i gcéin is i gcóngar.
I am far from believing it, is fada buí uaim é a chreidiúint.
He is far from happy, is fada uaidh a bheith sásta.
He is far and away the best, is é an té is fearr go mór is go fada é.
At the far end of the street, ag bun na sráide thíos, ag an gceann is faide uaim (uait, etc.) den tsráid.
Farthest (off), is sia, faide, ó láthair, ar shiúl.
As far as is feasible, chomh fada agus is féidir.
I have not seen you for a long time, is fada nach bhfaca mé thú.
These ways are foreign to us, is fada ónar ndúchas na slite seo.
I am far from satisfied, is fada uaim a bheith sásta.
At some future date, lá is faide anonn.
He is at that game for a long time, is fada ar an ealaín sin é.
It will be a long time before I get over it, is fada go gcuirfead a chuimhne as mo cheann.
I had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis.
Time hangs heavy on my hands, is fada liom an lá.
I hate his going so far away, is mairg liom a imeacht an fad sin ó bhaile.
Time hangs heavily on his hands, is fada leis an lá.
F: I shan't do it again in a hurry, is fada arís go ndéanfaidh mé a leithéid.
At some later date, lá is faide anonn.
F: That is the least of my cares, sin é an dual is faide siar ar mo chuigeál, an chloch is lú ar mo phaidrín.
(Of invalid) He is lingering (on) a long time, is fada atá sé ag seadú.
The best by a long way, an ceann is fearr go mór agus go fada.
They are a long time, a long while (in) coming, is fada gan teacht iad.
It is a long time since I saw him, is fada nach bhfaca mé é; ní fhaca mé le na cianta é.
It will be a long time before the agitation dies down, is fada go gciúnóidh an racán.
It will not happen for a long time, is fada go dtarlóidh sé.
Stay as long as you like, fan cibé fad is maith leat.
It will be long before we see his like, is fada arís go bhfeicfimid a leithéid.
It is long since I saw him, is fada nach bhfaca mé é.
I have long been expecting him, is fada mé ag feitheamh leis.
I long to see her, is fada liom go bhfeicead í; tá mé ag tnúth lena feiceáil.
I am miles from believing it, is fada uain a chreidiúint.
Much the largest ship, an soitheach is mó ar fad.
It is nothing near so large as. . ., is fada uaidh bheith chomh mór le . . .; níl sé in aon chor chomh mór le. . .
Long skirts are a nuisance, is mór an cheataí, an pionós, na sciortaí fada.