PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(In marriage ceremony) I do accept her (him), gabhaim léi (leis).
She was admiring herself in the glass, bhí sí ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus aoibhneas uirthi léi féin.
Method attended by great difficulties, dóigh a bhfuil deacracht mhór ag baint léi.
He is an old beau of hers, bhí sé tógtha léi lá den saol; bhíodh sí ag baitsiléireacht ina theannta fadó.
The belle of the ball, an bhean a rug barr scéimhe léi (ó lucht an damhsa).
Her hair came down to her knees, bhí a cuid gruaige ag teacht go hioscaidí léi.
He was keeping company with her, bhí sé ag gabháil léi.
Her hair is down, tá a cuid gruaige léi síos, ar sileadh léi.
Her hair is hanging down her back, tá a gruaig ag sileadh siar síos léi.
Dull fire, tine mharbhánta, tine nach mbeadh ach ag cnádú léi.
He is envious of her, tá sé in éad léi; tá formad aige léi.
She excelled the women of Ireland (in beauty), rug sí barr (maise) léi ó mhná na hÉireann.
With tears in her eyes, agus na deora léi.
She flounced out of the room, phramsáil sí amach as an seomra, chuir sí cor inti féin agus amach léi as an seomra.
He is fond of her, tá sé mór léi, tá cion aige uirthi.
She cannot get over the loss of her child, ní féidir léi cumha an linbh a chur di.
He went to help her, but she got up again, bhí sé chun cabhraithe léi ach d'éirigh sí arís.
She is off my hands, tá mé réidh léi.
Her hair hangs down her back, tá a gruaig siar síos léi.
She can hardly read, níl ann ach, ní mó ná, go dtig léi léamh.
This house is hers, is léi an teach seo.
What’s his is hers, an rud is leisean is léise.
What’s his is hers, an rud is leis-sean is léise.
She hurried home as fast as she could, bhain sí an baile amach chomh tiubh géar agus tháinig léi.
She was in tears, bhí na deora léi.
He is in no way inferior to her, tá sé gach pioc chomh maith léi.
He is courting her with honourable intentions, tá sé mór léi agus rún aige í a phósadh.
(Of ship, etc.) It can turn in its own length, tig léi casadh laistigh dá fad féin, ar a fad féin.
Her hair hung loose, bhí a gruaig síos léi.
She melted into tears, tháinig frasa deor léi.
Suit made to order, culaith ar fhág duine a mhiosúr léi.
Easy-paced horse, capall a bhfuil siúl réidh léi.
(Of ship) She is proceeding at twenty knots, tá siúl fiche míle léi.
Work that requires great precision, obair nach foláir a bheith an-bheacht léi.
(Of motor-car) Let her rip! lig léi!
The cart rumbled off, d'imigh an chairt agus í ag tormáil léi.
The river rushes along, réabann, scuabann, an abhainn léi.
She could scarcely speak, ní raibh ann ach go dtiocfadh léi labhairt.
She lives by herself, tá sí ina cónaí léi féin.
I am as tall as she is, tá mé chomh hard léi.
Abs.Shove off! amach léi!
I'll make you a sporting offer, seo dhuit tairiscint nach miste dul sa seans léi.
The train steamed away, bhog an traein léi.
Her face was streaming with tears, bhí frasa deor léi.
How does she strike you? Cad é do bharúil di? cad déarfá léi?
He got struck on her, d'éirigh sé amaideach léi.
Slowly but surely does it, baineann an mhoill an barr léi, is fearr mall cinnte ná luath lochtach.
A wave swept him overboard, chroch tonn léi amach thar bord é.
The current sweeps the logs down with it, crochann, scuabann, an tuile na saileanna anuas léi.
She does her work systematically, déanann sí a cuid oibre de réir oird agus eagair, tá bealach slachtmhar oibre léi.