Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: óbair · hobair · íobair · dóbair · fóbair
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Able piece of work, obair éifeachtach; obair intleachtach.
He is about his task, tá sé i gcionn a chuid oibre.
His work absorbs him, tá sé sáite ina chuid oibre.
He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht.
To act as secretary, obair rúnaí a dhéanamh.
The engine acts as a brake, déanann an t-inneall obair choscáin, oibríonn an t-inneall mar choscán.
To put, set, bring, call, sth. into action, rud a chur ar obair, ar siúl.
To come into action, dul ag obair.
Splendid action, obair ghalánta.
He was an active party to it, he took an active part in it, bhí lámh bheo san obair aige.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
Well adapted for the work, feilteach, oiriúnach, don obair.
To add to my work, mar aguisín le mo chuid oibre.
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
He is a great admirer of your work, tá meas mór aige ar do chuid oibre.
The work is advancing, tá an obair ag dul chun tosaigh.
To set s.o., sth., agoing, duine, rud, a chur ar obair.
To allocate duties to people, a gcuid oibre a leagan amach do dhaoine.
To allot a sum of money to, for, certain work, suim airgid a leagan amach le haghaidh oibre áirithe.
Allotment of time, clár ama (le haghaidh oibre, etc.).
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
He was working like anything, bhí sé ag obair faoi mar a bheadh Dia á rá leis.
To applaud s.o.'s work, obair duine a mholadh.
He applied himself to his work, chaith sé dúthracht lena chuid oibre.
Arduous work, obair throm, thiarálach.
He is in arrears with the work, tá sé chun deiridh leis an obair.
He is unable to work and ashamed to beg, níl innimh oibre ann ná éadan déirce air.
To assign a task to s.o., ceann oibre a chur ar dhuine.
To set sth. astir, rud a chur ar obair, faoi shiúl.
Clever at the work, cliste chun na hoibre, chuig an obair.
To be at work, bheith ag obair, i gceann oibre.
She's at it again (i.e., crying, etc.), tá sí ar obair arís.
He is greatly attached to his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
To attack a task, dul i gceann oibre, tabhairt faoi obair.
He was giving his attention to the work, bhí sé in éadan na hoibre, bhí a intinn leagtha ar an obair aige.
Attentive to one's work, dícheallach, dúthrachtach, furchaí, i gceann do chuid oibre.
Work awaiting performance, obair atá le déanamh.
He has broken the back of the work, tá poll mór curtha san obair aige.
There is something at the back of this, tá rud éigin taobh thiar den obair seo.
That's half the battle, sin leath na hoibre, tá an cluiche leathbhainte.
(Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair!
Working bee, beach oibre.
To make a beginning, tús a chur (ar obair); an ceann a bhaint de (scéal).
To be behind with the work, bheith ar deireadh leis an obair.
He is the best worker, níl aon fhear oibre ann ach é.
The best part of the work, tromchuid na hoibre.
This work is beyond me, tá an obair seo os cionn m'acmhainne.
He is working like blazes, tá sé ag obair mar a bheadh an diabhal ann, ar a bhionda.
I am bored with the work, tá ciapóga orm ag an obair, tá mé bréan den obair.
To break s.o. into a kind of work, duine a chló le cineál áirithe oibre.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News