EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
seal1, s. 1 Rón m; (female) bainirseach f (róin). Seal oil, ola róin. Seal-fishery, (i) sealgaireacht f rónta; (ii) bráite m rónta. 2 a Craiceann m róin. b Fionnadh m róin.
seal2, 1 a Séala m. To break the seal of a letter, séala litreach a bhriseadh. Giver under my hand and seal, faoi mo láimh agus mo shéala. To put one's seal on a document, do shéala a chur le cáipéis. F: To set one's seal to an undertaking, urra a chur le gnó; barántas a dhéanamh ar ghnó. Book that bears the seal of genius, leabhar a bhfuil lorg na hardéirime air. b Séala m (buidéil, etc.). Jur: Official seal, séala oifigiúil. To remove the seals, na séalaí a bhaint. Com: Leaden seal, séala luaidhe. 2 (Instrument) Séala m. The Great Seal, An Séala Mór. 3 Tchn: Séala m (siúnta, etc.).
seal3, v.tr. 1 a Cuirim séala ar, séalaím (litir, cáipéis, etc.). F: His fate is sealed, tá a chosa nite; tá a ainm sa leabhar. b Dúnaim (buidéal, bosca) le séala. Jur: Cuirim séala ar (dhoras, chófra). 2 a To seal (up) a letter, litir a shéalú. b To seal up the windows, na fuinneoga a dhingeadh. c F: My lips are sealed, tá glas ar mo theanga. d Séalaím (siúnta). To seal a puncture, poll a dheisiú, a stopadh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To affix a seal to a document, séala a chur ar scríbhinn.
Bull seal, rón m fireann.
The seal of confession, séala m na faoistine.
His doom is sealed, tá a phort seinnte.
Under your hand and seal, sínithe agus séalaithe ó do láimh féin.
Hermetic sealing, leáshéalú.
Hermetically sealed, leáshéalaithe.
To impress a seal upon wax, séala a chur, a bhrú anuas, ar chéir.
Official seal, séala oifigiúil.
Sealed orders, ordú faoi shéala.
Seal rookery, fáir f rón.
To set a seal to a document, séala a chur le cáipéis.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I had him as a master, bhí sé ina mháistir orm (seal).
Boys will be boys, caithfidh an óige a seal a thabhairt; ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga.
The fever must run its course, Caithfidh an fiabhras a sheal a thabhairt.
(Of theory, etc.) It has had its day, tá a shea, a sheal, tugtha.
Every dog has its day, faigheann gach duine a sheal.
In the phr. Ups and downs, cora mpl an tsaoil, seal thuas agus seal thíos.
First come first served, tagadh do sheal mar a tháinig tú féin.
To carry on a little flirtation, seal a thabhairt ar suirí.
I have lived in Dublin-Indeed? bhí mé seal in mo chónaí i mBaile Átha Cliath -- Maise an abair tú sin liom?
He had a long innings, (i) bhí seal fada sa bháire aige; (ii) F: is fada an réim a thug sé leis.
Monday at the latest, Dé Luain an seal is maille.
A nine days wonder, scéal mór seal lae.
Now up, now down, seal thuas, seal thíos.
The passing hour, seal neamhbhuan.
His day is past, tá a sheal tugtha.
His race is run, tá a sheal tugtha.
Things must run their course, caithfidh gach rud a sheal a thabhairt.
A season of peace, seal suaimhnis.
It will last for a season, mairfidh sé seal tamaill, achar áirithe.
An eight-hour shift, seal m ocht n-uaire.
After some time, tamall, seal, ina dhiaidh sin.
Our mortal span, ár seal ar an saol seo.
A long spell of cold weather, seal fada d'aimsir fhuar.
Now good, then bad, seal, lá, binn agus seal, lá, searbh.
You would never think he had been in prison, dheamhan aithne air gur chaith sé seal sa phríosún.
It will be a work of time, obair í a gcaithfear seal fada léi.
He took a long time over it, chaith sé seal fada leis.
This hat has served its time, tá a sheal tugtha ag an hata seo.
At one time hot, at another time cold, lá, seal, fuar agus lá, seal, te.
Nau: Trick at the wheel, seal m ar an stiúir.
He spoke in his turn, labhair sé ar a sheal.
It will serve my turn, bainfidh mé mo sheal, mo ghairimint, as; déanfaidh sé cúis dom faoi láthair.
He has his ups and downs, bíonn sé thuas seal agus thíos seal.