PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accommodated himself to their habits, thit sé isteach lena nósanna-san.
(Of moneys, land, etc.) To accrue to a person, titim, teacht, chuig duine.
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
He was killed in action, thit sé sa ghleo.
He adapted himself to the change, thit sé isteach leis an athrú.
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
I all but fell, dóbair dom titim.
He almost fell, dóbair dó titim, is beag nár thit sé.
He fell asleep, thit sé ina chodladh, thit a chodladh air.
(Of parts) To come asunder, titim as a chéile.
He fell on his back, thit sé ar chúl a chinn.
He fell backwards, thit sé siar ar chúl a chinn.
To fall behind, titim chun deiridh.
He bit the dust, thit sé marbh.
The bottom has fallen out of the market, tá an margadh tite as a chéile.
v.i.The wall broke in, thit an balla isteach.
That depends on circumstances, tá sé sin i gclé na haimsire, de réir mar thitfidh.
The two dates clashed, thit an dá chruinniú (chluiche, etc.), ar aon lá amháin.
To fall over a cliff, titim le haill.
The night closes in, titeann an oíche.
He is under a cloud, (i) tá mírath tite air; (ii) tá sé ina chuid amhrais; tá amhras air.
Prices are coming down, tá na luachanna ag titim.
They came into a fortune, thit uacht orthu; tháinig siad isteach ar uacht.
He is developing a corporation, tá sé ag titim chun boilg.
He crashed down, thit sé de phlimp, ina phleist.
P: To crock up, titim as a chéile; imeacht ó mhaith.
He crushed his leg in falling, bascadh an chos aige nuair a thit sé.
It is in danger of falling, tá sé i gcontúirt titim.
After dark, tar éis titim na hoíche.
He dropped down dead, thit sí fuar marbh.
That depends, it all depends, beidh sé sin de réir mar a thitfidh.
He gave way to despair, thit an lug ar an lag aige.
The estate devolved upon him, thit an t-eastát air.
I nearly died with the fright, is beag nár thit an t-anam asam leis an scanradh.
The road dips sharply, titeann an bóthar go tobann, tá fána ghéar sa bhóthar.
Several bricks had become dislodged from the wall, bhí a lán brící tite den bhalla.
To fall down, titim go talamh, ar an talamh.
He fell down, thit sé as a sheasamh.
Bread is down, tá an t-arán tite, saoirsithe.
To fall down the stairs, titim síos, anuas, an staighre.
He dozed off, tháinig támh chodlata air, thit néal air.
To drift to leeward, titim faoin ngaoth.
The boat is drifting on shore, tá an bád ag titim ar an gcladach.
Drop in the ground, titim sa talamh.
He almost dropped (with surprise), is beag nár thit sé as a sheasamh (le hiontas).
I am ready to drop, táim i riocht titim (leis an tuirse), táim ag titim as mo sheasamh.
F: He dropped off to sleep, thit sé ina chodladh.
He had a narrow escape from falling, dóbair dó titim.
He has estranged his relations, tá sé in earráid lena ghaolta, tá sé tite amach lena ghaolta.
They have become estranged, tá an brochán doirte eatarthu, táid tite amach le chéile.