Rinneadh uasdátú ar an suíomh seo i mí Dheireadh Fómhair, 2014. I measc na n-athruithe a rinneadh, tá na nithe seo a leanas:
Ceartaíodh go leor botún scanta agus eile in Foclóir Gaeilge-Béarla agus in English-Irish Dictionary. Tá formhór na gceartúchán seo bunaithe ar thuairiscí a fuarthas ón lucht úsáide. Tá muid thar a bheith buíoch do gach duine a chuir aiseolas chugainn.
In English-Irish Dictionary, má dhéanann tú cuardach ar cheannfhocal atá ar fáil i bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, gheobhaidh tú nasc ag barr an leathanaigh chuig an iontráil sin. (Cuimhnigh gur foclóir nuascríofa é Foclóir Nua Béarla-Gaeilge atá ceaptha mar chomharba ar English-Irish Dictionary.)
In Foclóir Gaeilge-Béarla, tuigeann an córas anois cad atá taobh thiar d'fhormhór na dtildí (na siombailí ~) agus baineann sé leas as an eolas sin sa chuardach. Mar shampla, má dhéanann tú cuardach ar lá fada, gheobhaidh tú roinnt amas, ina measc cinn ina bhfuil ceann den dá fhocal ina thilde.
Déanfar breis forbartha ar láimhseáil na dtildí amach anseo.