Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar líne ó 2013 agus tá an leagan clóite de (Concise English-Irish Dictionary) le fáil ó 2020.
Déanfar cur síos sa seisiún eolais seo ar an dul chun cinn atá déanta sna tionscadail foclóireachta le bliain anuas agus ar a bhfuil ar na bacáin don bhliain romhainn. I measc na dtionscadal a bheidh faoi thrácht beidh foclóir.ie, teanglann.ie, an foclóir clóite, An Draoi Gramadaí agus foclóirí nua a bhfuil i gceist tabhairt fúthu an bhliain seo chugainn. Beidh seisiún ceisteanna agus plé ann ina dhiaidh.