Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
An tOireachtas

Cúrsaí foclóireachta ag an Oireachtas

Beidh dhá chur i láthair á ndéanamh againn ag an Oireachtas, tráthnóna Déardaoin 30 Deireadh Fómhair:

2.00 Úsáid an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Is seisiún praiticiúil é seo ina dtaispeánfar conas lánúsáid agus lántairbhe a bhaint as na suíomhanna foclóireachta atá ar líne ag Foras na Gaeilge. Is féidir le daoine a ríomhairí glúine nó a ngairis mhóibíleacha a bhreith leo chun na feidhmeanna cuardaigh go léir a thriail ar an láthair.

3.00 Forbairtí san Fhoclóireacht

Is seisiún eolais é seo ina mbeifear ag cur síos ar na forbairtí is déanaí i dtionscadail foclóireachta reatha Fhoras na Gaeilge agus ag caitheamh súil chun cinn ar thograí foclóireachta eile atá idir lámha faoi láthair, ar nós corpas den chaint bheo agus ríomhchúntóir gramadaí. Beidh deis ag daoine freisin aiseolas agus freagraí a fháil ar aon cheisteanna atá acu faoi fhoclóirí Fhoras na Gaeilge.

Beidh an dá sheisiún á reáchtáil i Seomra na Mumhan, Óstán Brehon.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht