Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Uasdátuithe i mí Feabhra 2015

Rinneadh uasdátú ar an suíomh seo i mí Feabhra 2015. I measc na n-athruithe a rinneadh, tá na nithe seo a leanas:

  • Ceartaíodh go leor botún scanta agus eile in Foclóir Gaeilge-Béarla agus in English-Irish Dictionary. Tá formhór na gceartúchán seo bunaithe ar thuairiscí a fuarthas ón lucht úsáide. Tá muid thar a bheith buíoch do gach duine a chuir aiseolas chugainn.

  • Cuireadh 6,330 comhad nua leis an mBunachar Gramadaí, rud a mhéadaigh toirt an bhunachair ó 8,979 comhad go 15,309 comhad.

  • Cuireadh 3,050 taifead fuaime nua leis an mBunachar Foghraíochta, rud a mhéadaigh toirt an bhunachair ó 6,115 taifead go 9,165 taifead.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht