Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Uasdátuithe i mí Dheireadh Fómhair 2015

An Foclóir Beag curtha leis an suíomh

An Foclóir Beag Gaeilge-Gaeilge ar fáil ar an suíomh seo anois agus is féidir cuardach leictreonach a dhéanamh ar fhocail ann in éineacht leis na háiseanna digiteacha eile atá ar an suíomh. Tá mionleasú déanta ar an nodaireacht ghramadaí sa leagan leictreonach seo de An Foclóir Beag – mar shampla, in ionad b mar atá sa bhunleabhar, tá an nod bain ag gabháil le hainmfhocail bhaininscneacha, srl. Tá léamh profaí agus glantachán déanta ar an leagan ar líne seo, agus leanfar leis sin amach anseo. Fáiltítear roimh aon aiseolas ó úsáideoirí chuig aiseolas2@forasnagaeilge.ie.

Méadú mór ar líon na gcomhad gramadaí

Tá breis is 26,000 comhad curtha leis an mbunachar gramadaí, rud a fhágann go bhfuil níos mó ná 42,000 comhad ar fáil anois san iomlán.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht