Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Seo chugainn teanglann.ie

Tá seoladh an tsuímh seo athraithe ó breis.focloir.ie go teanglann.ie ó 1 Márta 2015 ar aghaidh. Tá sé seo déanta chun aitheantas dá chuid féin a bhronnadh ar an suíomh. Níl aon athrú ar inneachar an tsuímh: is anseo a gheobhaidh tú i gcónaí leaganacha digitithe de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill agus de English-Irish Dictionary de Bhaldraithe, móide Bunachar Gramadaí agus Bunachar Foghraíochta.

Is cuid é seo de thogra athbhrandála agus athainmnithe atá á chur i gcrích ag Foras na Gaeilge an mhí seo chun na trí shuíomh foclóireachta agus téarmaíochta atá faoina chúram a chur ar aon dul le chéile: focloir.ie mar leathanach baile Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, tearma.ie (focal.ie mar a bhí) mar leathanach baile an Bhunachair Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, agus teanglann.ie (breis.focloir.ie mar a bhí) mar stóras le haghaidh gach toradh eile ar obair foclóireachta an Fhorais.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht