Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Seoladh an tsuímh, 31 Deireadh Fómhair 2013

Seoladh an suíomh seo ag ceardlann foclóireachta a chuir Foras na Gaeilge i láthair ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, 31 Deireadh Fómhair. Is é an Dr Éamonn Ó hÓgáin, foclóirí mór le rá agus iarbhall d'fhoireann eagarthóireachta Foclóir Gaeilge-Béarla, a sheol an suíomh go hoifigiúil. Chuir forbróir an tsuímh, Michal Boleslav Měchura, feidhmeanna an tsuímh i láthair ina dhiaidh.

Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo feidhmiú mar ardán le haghaidh torthaí tánaisteacha atá ag eascairt as tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Is iad na nithe a bhfuil fáil orthu anseo ná leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla (1977, eag. Niall Ó Dónaill), leagan leictreonach de English-Irish Dictionary (1959, eag. Tomás de Bhaldraithe), bunachar sonraí gramadaí agus bunachar taifid fuaime.

Tá sé i gceist againn feabhas a chur ar na háiseanna seo san am atá romhainn agus tá súil againn go mbainfidh an pobal tairbhe astu.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht