Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cense · dense · seise · tense · ens
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh sense »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
sense1, s. 1 Céadfa m. The five senses, na cúig céadfaí. He has a keen sense of hearing, tá cluas ghéar aige. Error of sense, mearbhall m aithne, mearbhall céadfach. The sense organs, na baill chéadfacha. 2 pl. a Meabhair f -bhrach, ciall f. He is in his senses, tá a chiall agus a chéadfaí aige. Are you in your right senses? an bhfuil do chiall ná do chéadfaí agat? Any man in his senses, fear ar bith agus é ina chiall. Have you taken leave of your senses? an as do mheabhair atá tú? an é rud a chaill tú do chiall? To bring s.o. to his senses, ciall a chur i nduine. He frightened me out of my senses, scanraigh sé an croí ionam. To come to one's senses, breith ar do chiall. b To lose one's senses, an aithne a chailleadh. To come to one's senses, teacht chugat féin (as fanntais). 3 a Mothú m. A sense of pleasure, mothú pléisiúrtha. A sense of anger, mothú m feirge. He was labouring under a sense of injustice, shíl sé go rabhthas ag déanamh éagóra air. b Ciall f, tuiscint f -eana. He has no sense of time, níl ciall ar bith don am aige. He has a keen sense of humour, tá tuiscint mhaith ar an ngreann aige. c He took the sense of the meeting, rug sé tuairim an chruinnithe leis. 4 Meabhair f, stuaim f, réasún m, ciall f. Common sense, ciall. He showed good sense, chruthaigh sé ina dhuine ciallmhar. He has no sense, níl splanc aige. To act against all sense, rud a dhéanamh le deargmhíréasún. To talk sense, labhairt go céillí. Talk sense, man! bíodh ciall agat, a dhuine! A person of little sense, duine beagchéillí. There is no sense in that, níl ciall ar bith leis sin. He has no more sense than a child, tá sé ar chiall na bpáistí. If only he had the good sense to remain silent, dá mbeadh de chiall aige fanacht ina thost. 5 Ciall f, brí f, míniú m (focail, etc.). I can't make sense of this passage, ní féidir liom ciall, adhmad, a bhaint as an bpíosa seo. In the literal sense of the word, i gciall cheart an fhocail. In the full sense of the word, de réir ciall iomlán an fhocail. To take a word in a wrong sense, an chiall chontráilte a bhaint as focal. In a sense, ar dhóigh, ar bhealach.
sense2, v.tr. 1 Phil: Céadfaím. 2 Taibhsítear (rud) dom. 3 I had sensed as much, d'aithin, bhraith me, an méid sin.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He hasn't an atom of sense, níl splaid chéille aige.
To awaken s.o. to the sense of danger, an chontúirt a chur ar a shúile do dhuine.
Word taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as.
He cast off all sense of shame, chaill sé, shéan sé, an náire.
I gave him credit for more sense, shíl mé níos mó céille a bheith aige; shamhlaíos níos mó céille leis.
I credited you with more sense, shíl mé go raibh níos mó céille agatsa.
(Sense of) decency, modhúlacht f, cuibheas m, náire f.
I've lost my sense of direction, níl fios mo sheolta agam.
To drive s.o. out of his senses, duine a chur as a mheabhair; an intinn a ardú ar dhuine.
From a sense of duty, de ghrá an dualgais.
F: The evidence of the senses, faisnéis f na gcéadfaí.
He hasn't a grain of sense, níl splanc céille aige.
He has a sense of humour, tá an greann ann; tá tuiscint don ghreann aige.
Any man in his senses, fear ar bith agus a chiall is a chéadfaí aige.
He labours under a sense of wrong, dar leis tá éagóir á déanamh i gcónaí air.
In the most liberal sense of the word, sa chiall is leithne, is scaoilte, den fhocal.
In the literal sense of the word, sa bhrí is cruinne den fhocal; de réir bunbhrí an fhocail.
He took it in a literal sense, bhain sé bunbhrí na bhfocal astu.
He is lost to all sense of shame, níl aon rian den náire fanta ann.
I thought you had more sense, shíl mé go raibh ní ba mhó céille ná sin agat.
In the narrowest sense, sa chiall is cruinne.
It offends our sense of justice, níl sé de réir cirt, dar linn.
He hasn't an ounce of sense, níl splanc chéille aige.
He is not overburdened with sense, ní hé meáchan a chéille a bháfas é.
Courage plus sense, ciall agus misneach chomh maith le chéile.
Practical common sense, gnáthchiall stuama, fhuaimintiúil.
He has a marked practical sense, tá ciall láidir d'obair aige.
The proper sense of the word, ciall cheart an fhocail.
To lose all sense of proportion, dul thar fóir, thar teorainn.
To reclaim s.o. to a sense of duty, ciall dá dhualgas a chur i nduine arís.
He hasn't a scintilla of sense, níl splanc chéille ann.
A scrap of sense, splaid chéille.
He is lost to all (sense of) shame, níl ciall ar bith do náire aige.
Sixth sense, fios m.
(Sense of) smell, boladh m.
He has a keen sense of smell, tá sróin ghéar aige.
In his sober senses, ina chiall agus ina chéadfaí.
Spark of sense, splanc chéille.
Scent that stirs the senses, boladh a bhogas na céadfaí.
To stretch the sense of a word, casadh a bhaint as brí focail.
In the strictest sense of the word, de réir na céille is beaichte, cúinge, den fhocal.
To talk (common) sense, labhairt go céillí, le stuaim.
He has a fine sense of touch, tá meabhair f na lámh go cruinn aige.
To labour under a sense of wrong, a mheas go bhfuil tú faoi leatrom.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht