Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: stake · tae · taken · taker · tale
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh take »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
take, I v.tr. Tógaim (v.n. tógáil). 1 a To take sth. on one's back, rud a iompar, a thógáil, ar do dhroim. b To take sth. from s.o., rud a bhaint de, a thógáil ó, dhuine. Someone has taken my book, d'ardaigh duine éigin mo leabhar leis. To take sth. from the table, rud a thógáil den bhord. To take the pot off the fire, an pota a thógáil den tine. To take the lid off sth., an clár a bhaint de rud. To take a pound out of one's salary, punt a bhaint as do thuarastal. Take your hands out of your pockets, bain do lámha as do phócaí. c To take (hold of) s.o., greim a bhreith ar dhuine; breith ar dhuine. I took her hand, rug mé greim láimhe, ar láimh, uirthi. To take s.o. in one's arms, barróg a bhreith ar dhuine. To take the opportunity, breith ar an bhfaill; an deis a thapú. S.a. CHANCE1 2, WHEEL1 1. d Gabhaim (baile). To take s.o. prisoner, príosúnach a dhéanamh do dhuine. The deuce take him! go scioba an donas leis é. He was taken ill, buaileadh tinn é. He was very much taken by the idea, thaitin an smaoineamh go mór leis. I was not taken with him, níor thaitin sé liom; ní raibh aon róbhá agam leis. S.a. ABACK. e To take a passage from a book, sliocht a bhaint as leabhar. To take an idea from an author, smaoineamh a fháil, a ghlacadh, ó údar. 2 a To take a house, teach a thógáil ar cíos. b To take tickets, ticéid a cheannach. (Of seat, table) 'Taken', 'in áirithe'. To take (in) a paper, páipéar a cheannach (go rialta). To take paying guests, lóistéirí a choimeád. To take pupils, daltaí a bheith á múineadh agat. S.a. WIFE1. c To take the train, dul ar an traein. Take a seat! bí i do shuí! Take your seats! suígí! d Take the turning to the right, cas ar thaobh do láimhe deise, faoi dheis. He took the wrong road, chuaigh sé ar an mbealach contráilte. To take a fence, claí a chaitheamh. e To take legal advice, dul i gcomhairle le dlíodóir. To take information, fiosrú a dhéanamh. f To take holy orders, ord beannaithe a ghabháil. S.a. COURSE1 1, 3, FIELD1 1. 3 a Bainim, buaim, gnóthaím (duais, cluiche). Cards: To take a trick with the king, cúig a bhaint leis an rí. b To take a degree, céim a bhaint amach. To take an examination, dul faoi scrúdú. c Com: To take so much a week, oiread seo a thabhairt isteach sa tseachtain. 4 To take a meal, béile m a chaitheamh. Do you take sugar? an gcaitheann tú siúcra? I cannot take wine, níl goile don fhíon agam. 'Not to be taken', 'ná caitear'. He had a drop taken, bhí braon faoin bhfiacail aige. P: I'm not taking any! ní chuirfeadsa suas lena leithéid. 5 a To take a walk, dul amach ag siúl. To take a bath, tú féin a fholcadh. To take a nap, néal a ligean as do cheann. S.a. STEP1 3. I’ll take the first class, rachaidh mé i mbun an chéad ranga. To take a print from a negative, dearbhchló m a dhéanamh de chlaonchló. Surv: To take an angle, uillinn a ghlacadh. To take breath, anáil a tharraingt. To take effect, dul i bhfeidhm. To take fire, lasadh. S.a. OATH I, PLACE1 2, PLUNGE1, STAND1 I,1 3, STOCK1 5 b To take a photograph, fótagraf a thógáil, a ghlacadh. c To take sth. apart, to pieces, rud a bhaint as a, ó, chéile. 6 a Gabhaim, glacaim (le). Take all you get, glac a bhfaighidh tú. Take that (and that)! bíodh sin agat! Ten: To take the service, an tseirbhís a sheasamh. To take no denial, gan diúltú a ghlacadh. If the paper takes my article, má ghlacann an páipéar le m'alt. What will you take for it? cad a bheadh uait air? To take a bet, geall a ghlacadh. To take all responsibility, bheith freagrach san uile ní. Taking one thing with another, idir mhín agus gharbh. Take it from me, beir leat, creid, uaimse é. I wonder how he will take it, níl a fhios agam conas a gheobhaidh sé chuige é, cad é mar a rachas sé do. S.a. GIVE2 1,1, HINT1 1, LAMB1 1. b Bus that takes twenty passengers, bus a iomprós fiche paisinéirí. To take a heavy load, bheith acmhainneach ar ualach trom. Med: To take a stress, strus a sheasamh. The rope takes the stress, beireann an strus ar an rópa. 7 a Tógaim, tolgaim (galar). b To take a dislike to s.o., col a ghlacadh le duine. S.a. EXCEPTION2. 8 a We will take the will for the deed, beidh an rún i bpáirt a chomhlíonta againn. How old do you take him to be? cén aois a mheasfá dhó? I take it that . . ., táim á cheapadh go . . . b I took you for an Irishman, shíl mé gurbh Éireannach thú. He took me for a fool, thug sé meas amadáin orm. F: What do you take me for! nach mé atá leamh agat! 9 (Require) a That will take some doing, ní gan dua a dhéanfar sin. It takes all sorts to make a world, is iomaí duine ag Dia. The journey took five days, bhain an t-aistear cúig lá asam (asainn, etc.). It won't take long, ní thógfaidh sé mórán ama. It took four men to hold him, níor mhór ceathrar fear lena choinneáil. It takes a clever man to do that, is cliste an mac a dhéanfadh é sin. It takes a woman! fág ag an mbean é! b Gram: Verb that takes a preposition, briathar a mbíonn réamhfhocal leis. c I take sixes (in shoes, etc.), a sé a chaithim. 10 a (Lead) To take s.o. to the city, duine a thabhairt chun na cathrach. To take s.o. over a house, an teach ar fad a thaispeáint do dhuine. To take s.o. out of his way, cor bealaigh a chur ar dhuine. What(ever) took him there? céard (faoin spéir) a chas, a sheol, ansin é? He was taken to the police barracks, tugadh chuig beairic na ngardaí é. b (Carry) To take sth. to s.o., rud a thabhairt chuig duine. II   take, v.i. Téann i bhfeidhm, gabhann éifeacht. His latest novel didn't take, ní dheachaigh an t-úrscéal deireanach aige i bhfeidhm (ar an bpobal).
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
F: He was taken aback, baineadh stad as.
To take up one's abode in the country, dul a chónaí sa tuaith.
To take sth. into account, to take account of sth., rud a chur san áireamh.
To leave sth. out of account, to take no account of sth., rud a fhágáil as an áireamh.
To take accurate aim, aimsiú díreach.
To take action, gníomhú, beart a dhéanamh.
Take an actual case, breathnaigh ar shampla corpartha.
To take s.o. at advantage, teacht aniar aduaidh ar dhuine.
To take advantage of sth., leas a bhaint as rud.
To take advantage of s.o., buntáiste a bhreith ar dhuine; suí i mbun duine.
To take s.o.'s advice, comhairle duine a ghlacadh.
To take medical advice, barúil f dochtúra a fháil.
Evidence taken on affidavit, fianaise mhionnscríbhinne.
To take aim at s.o., amas m a thógáil ar dhuine.
Abs.To take aim, aimsiú.
To take an airing, dul amach faoin aer; dul amach ag déanamh na gcos.
Take it all, beir leat an t-iomlán.
Taken altogether, ina iomláine.
To take sth. amiss, múisiam a ghlacadh le rud.
(Taking) one year with another, an bhliain mhaith leis an drochbhliain.
Taking one thing with another, idir gach aon sórt.
To take s.o. apart, duine a thabhairt i leataobh.
To take a machine apart, meaisín a bhaint as a chéile.
To take up arms, dul chun comhraic.
To take, carry, a town by assault, baile a bhaint amach d'ionsaí.
To take an average, meán a thógáil.
To take an aversion to s.o., col a ghlacadh le duine.
Take a step back, tóg coiscéim ar gcúl.
To take a back-seat, suí thiar ar gcúl.
He had to take a back seat, baineadh a chinseal de, cuireadh i leataobh é.
Word taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as.
P: She took bad, was taken bad, bhuail taom í.
You must take the bad with the good, caithfidh tú glacadh leis an saol mar gheobhas tú é (bíodh sé maith nó olc),
He is taking, having, a bath, tá sé á fholcadh féin.
To take its bearing on sth., luí ar rud.
To take the bearings of a coast, marc a thógáil ar chósta.
F: He was taking his bearings, bhí sé ag brath na talún, bhí sé ag tógáil marcanna dó féin.
I’ll take (up) your bet, cuirfidh mé leat. S.a. EVEN2 3.
To take s.o. for better or worse, glacadh le duine le maith nó le holc.
P: He takes the biscuit! ná hiarr ina dhiaidh é!
That takes the biscuit! bhuail sin amach troid choileach; is measa sin ná an tseamsóg!
To take goods on board, earraí a chur ar bord.
To take, catch, the ball on the bounce, an liathróid a cheapadh ar a léim.
To take the bread out of s.o.'s mouth, an greim a bhaint as béal duine.
To take breath, anáil a tharraingt.
To take the bull by the horns, aghaidh a thabhairt le hiomghoin.
Take them out one by one, bain amach iad ina gceann agus ina gceann, ceann ar cheann.
F: Taking it by and large, tríd is tríd.
He takes the cake! ná hiarr ina dhiaidh é! fágtar aige é!
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht