ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He improves upon acquaintance, is fearr a chroí ná a ghnúis.
F: Man alive! a dhuine chléibh, a dhuine chroí.
His heart bounded with joy, léim a chroí le lúcháir.
His heart is breaking, tá a chroí á bhriseadh.
His spirit broke, chaill sé a chroí agus a uchtach, thit an lug ar an lag aige.
His spirit is broken, tá a chroí caillte aige.
It has burnt into my mind, d'fhág sé a lorg dóite i mo chroí.
To care for s.o., cion a bheith agat ar dhuine. He cares very much for her, tá a chroí istigh inti.
F: He is crashed with grief, tá a chroí briste brúite le teann bróin.
My dear fellow, a dhuine chóir, a dhuine chroí.
He is, stands, in dread of her, tá eagla a chroí, a anama, air roimpi.
I could not find it in my heart to do it, ní ligfeadh mo chroí dhom é a dhéanamh.
My dear friend, a dhuine mo chroí, na n-árann.
He is half-dead with fright, tá a chroí amuigh leis an scanradh.
His heart was full, bhí tocht ar a chroí.
Out of the fullness of his heart he told us . . ., d'aithris sé dhúinn agus tocht ar a chroí.. .
My dear girl! a chailín ghil mo chroí! a iníon ó!
It makes my heart glad to hear him, cuireann sé gliondar ar mo chroí é a chloisteáil.
He broke his heart over it, bhris sé a chroí leis.
He has a heart of stone, tá a chroí siúd chomh crua le cloch ghlas.
It will do your heart good, is é a chuirfeas an ola ar do chroí.
He left with a heavy heart, d'imigh sé agus ualach ar a chroí.
He was cut to the heart, ghoill sé go cor a chroí air.
He has his heart in his work, tá a chroí is a anam san obair aige.
To put new heart into s.o., a chroí a thabhairt do dhuine; misneach a thabhairt do dhuine.
I could not find it in my heart, I hadn't the heart, to do it, ní ligfeadh mo chroí dom, ní bhfaighinn ó mo chroí, a dhéanamh.
To hearten s.o. (up), misneach a thabhairt do dhuine, a chroí a thabhairt do dhuine.
You would not be so heartless as to do that, ní ligfeadh do chroí duit sin a dhéanamh.
Heart-piercing cry, scread a scrúdfadh do chroí.
He did it with the best (of) intentions, le dea-rún, dea-chroí, a rinne sé é.
He was laughing fit to kill himself, bhí sé ag briseadh a chroí ag gáire.
He was rowing for dear life, bhí sé ag rámhaíocht ar a chroí díchill.
Does he mean what he says, an bhfuil sé dáiríre sa rud a deir sé? an bhfuil sé ar a chroí?
He meant it for a kindness, as dea-chroí a rinne sé é.
F: He misread my feelings, níor thuig sé an rud a bhí ar mo chroí.
My dear man! a dhuine chroí.
He is dead nuts on it, tá a chroí istigh ann; tá sé fiáin chuige ar fad.
To open one's heart to s.o., a bhfuil ar do chroí a insint do dhuine.
To be racked by remorse, do chroí a bheith á bhriseadh le haithreachas.
He had his say out, dúirt sé a raibh ar a chroí.
Your own dear self, tú féin, a chroí.
His affections are set on her, tá a chroí istigh inti; tá sé an-doirte di.
F: To split your sides (with laughter), do chroí a chur amach ag gáire.
His heart sank, thit a chroí.
So, my dear, I am forced to leave, agus sin é agat é, a chroí, tá orm imeacht liom.
He hasn't a spark of generosity in him, ní fheicfeá a chroí ar do bhois.
To enter into the spirit of sth., do chroí a chur i rud.
You must steel yourself against it, caithfidh tú do chroí a dhúnadh ina aghaidh.
To strain s.o. to one's bosom, duine a fháscadh le do chroí.
His heart throbbed with joy, phreab a chroí le háthas.