ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The matter is still in abeyance, tá an gnó sin ar fionraí fós.
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
That affected the course of the war, chuaigh sin i bhfeidhm ar chúrsaí an chogaidh.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
On and after the first of the month, ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach.
'That is so,' he agreed, ‘is fíor sin,' ar seisean, ag teacht liom ar an scéal.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
Or alternatively you can come to-morrow, nó de rogha air sin féadfaidh tú teacht amárach.
That would not come amiss, ní bheadh doicheall ar bith roimhe sin.
That is (quite) another thing, sin scéal eile (ar fad); F: sin coileán de phór eile.
He hadn't any luck from that on, ní raibh lá den ádh air uaidh sin amach.
So it appears, so it would appear, sin an chuma, an chosúlacht, atá air.
Putting that aside . . ., gan trácht air sin...
Don't bank on that, ná codail ar an gcluais sin.
How much is that? cé mhéad atá air sin?
I did not understand the bearing of his words, níor thuig mé an rud a bhí ar chúl na cainte sin aige.
That beats everything, beireann sin barr ar an donas; bhuail sin a bhfaca mé ariamh.
If I said so it was because it had to be said, má dúirt mé sin féin is ar an ábhar go mb'éigean a rá.
Besides which, he was ill, gan trácht air sin, ní raibh sé ar fónamh.
You must make the best of what you have, sin cnámh agat agus cuir féin feoil air.
That is nothing to boast of, ní hábhar mórtais ar bith é sin, ní cúis mhaíte ar bith sin.
F: That man is my bugbear, ní lú orm an donas ná an fear sin.
(With gerund) By doing that you will offend him, má dhéanann tú sin cuirfidh tú fearg air.
That is all he cares about, sin é a bhfuil ar a aird; sin a bhfuil ag déanamh tinnis dó.
F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh).
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
All his thoughts centre on that, níl ar a intinn ach sin; tá sé leata air sin.
That clinches the matter, sin an dlaoi mullaigh ar an scéal.
That comes on the next page, tá sé sin ar an gcéad leathanach eile.
That comes easy to him, ní fhaigheann sé anró ar bith uaidh sin; tagann sé sin leis go réidh.
Make yourself comfortable about that, ná bíodh aon imní ort faoi sin.
It was done at, by, his command, rinneadh ar a ordú sin é.
As a result of the committal of that task to him . .., de bharr an obair sin a chur de chúram air ...
He has a clear conception of that, tá tuiscint mhaith aige air sin.
He is open to conviction on that point, b'fhéidir an pointe sin a áiteamh air.
I was counting on your doing that, bhí mé ag brath air go ndéanfá é sin.
That would be the crowning mistake for him, chuirfeadh sin barr ar gach meancóg dá ndearna sé riamh.
The shop draws plenty of custom, tá an-tarraingt, glaoch go leor, ar an siopa sin.
F: That cuts both ways, tá dhá thaobh ar an scéal sin.
Don't be so cut up about it, ná goilleadh sé chomh mór sin ort.
F: He is dangling after that woman, tá sé ar adhastar ag an mbean sin.
F: We began to see daylight through that piece of work, (i) bhí an clabhsúr ag druidim linn ar an obair sin; (ii) bhí muid ag tosú ag fáil faonoscailte ar an obair sin.
Its dependence on him, é bheith ag brath air sin.
That is diametrically opposed to the truth, tá sin bunoscionn ar fad leis an bhfírinne.
That's quite a different matter, scéal eile ar fad é sin.
I disagree with you as regards that, ní thagaim leat faoi sin, nílim ar aon intinn leat faoi sin.
They were not disappointed in that, ní dheachaigh an tsúil sin amú orthu.
Drat that boy! drochrath ar an ngarsún sin!
I can't endure being disturbed, cur isteach orm, sin rud nach féidir liom a sheasamh.
It bears evidence(s) of, gives evidence of, that, tá a rian sin air.