Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: breachnú · creathnú · beathú · breath · breáthú
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é breathnú de: breathnaigh »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was admiring herself in the glass, bhí sí ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus aoibhneas uirthi léi féin.
Come and see me, tar ag breathnú orm.
It calls for attention, ní mór breathnú ina dhiaidh.
I was conscious that he was looking at me, mhothaigh, bhraith, mé go raibh sé ag breathnú orm.
To look at sth. critically, breathnú ar rud go grinn.
To look s.o. straight in the eye, breathnú idir an dá shúil ar dhuine.
He was gloating over the gold, bhí sé ag baint súlaigh as breathnú an óir.
Go and see him, if only to please me, téigh ag breathnú air, mura mbeadh ann ach le mise a shásamh.
To look important, breathnú go mórluachach, go mórchúiseach.
To look one's last on sth., breathnú ar rud den uair dheireanach.
To look in to a transmission, breathnú ar dhreas teilifíse.
To look round for s.o., breathnú timpeall ar lorg duine.
To look up a word in a dictionary, breathnú ar fhocal i bhfoclóir.
He looked at me meaningly, thug sé breathnú orm a raibh go leor le haithint air.
Looking for notice, ag éileamh breathnaithe.
They looked at one another like stuck pigs, bhí scéin an bhainbh dhóite iontu ag breathnú ar a chéile.
It was pitiful to see him, chuirfeadh sé trua ort le bheith ag breathnú air.
He is looking very poorly, tá sé ag breathnú sách dona; tá drochshnó air.
Do I look ill -- Well, you do, rather, an bhfuil mé ag breathnú tinn? Tá, ó dúirt tú é.
To bring s.o. back to reality, tabhairt ar dhuine breathnú ar an bhfírinne lom.
To take a right view of things, breathnú ar rud mar is ceart.
Watching the waves roll in, ag breathnú ar na tonnta ag teacht isteach ina mbréidíní.
It must be seen to, caithfear breathnú ina dhiaidh.
He was only showing off, ní raibh sé ach ag éileamh breathnaithe, ag gearradh suntais.
To go sight-seeing, dul ag breathnú na n-iontas, ag fámaireacht.
You look simply lovely, tá tú ag breathnú go hálainn ar fad!
To squint at sth., breathnú as deireadh na súl ar rud; claonamharc a thabhairt ar (rud).
After toddling around to see old friends . . ., tar éis a bheith ag fálróid thart ag breathnú ar sheanchairde ...
I looked into the child's upturned face, d'fhéachas ar aghaidh an linbh a bhí ag breathnú in airde orm.
Faces turned upward, aighthe (ag breathnú) in airde, suas.
To watch a football match, bheith ag breathnú, ag féachaint, ar chluiche peile.
To look the other way, breathnú sa taobh eile.
I could have wept to see them . . ., bhí mé i riocht caointe ag breathnú orthu . . .
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht