ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To see sth. in its true aspect, rud a fheiceáil go díreach mar atá sé.
I'll be glad to see his back, beidh áthas orm nuair a fheicfeas mé ag imeacht é.
I have been to see him, chuaigh mé ag amharc air.
He was never to see them again, ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís.
I cannot bear to see it, ní ligfeadh mo chroí dom amharc air.
To see the bright side of things, an taobh is fearr den scéal a fheiceáil.
To see which way the cat jumps, féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth.
Charmed to see you! tá an-áthas, an-ghliondar, orm thú a fheiceáil!
To see an affair in its true colours, an scéal a fheiceáil mar atá sé.
F: Not to have seen the colour of s.o.'s money, gan cianóg rua d'airgead duine a fheiceáil riamh.
Come to see me, F: come and see me, to-morrow, tar ar cuairt chugam amárach.
Not a creature was to be seen, ní raibh mac na sceiche, neach an aoin bheo, le feiceáil.
F: We began to see daylight through that piece of work, (i) bhí an clabhsúr ag druidim linn ar an obair sin; (ii) bhí muid ag tosú ag fáil faonoscailte ar an obair sin.
He was destined never to see her again, ní raibh sé i ndán dó í a fheiceáil go brách arís.
He came to see what was doing, tháinig sé go bhfeicfeadh sé cad a bhí ar bun.
I wanted to see him and I did so, bhí mé ag iarraidh é a fheiceáil agus chonaic mé é.
To see sth. in a dream, rud a fheiceáil i mbrionglóid.
That is easy to see, is furasta é sin a aithint.
To see eye to eye with s.o., bheith ar aon aigne le duine.
Things that cannot fail to be seen, rudaí nach féidir gan a dtabhairt faoi deara.
I am not fit to be seen, nílim infheicthe, inbhreathnaithe.
I have brought it for you to see, thugas liom é (chun, le) go bhfeicfeá é.
It is for you to see to it, ortsa atá a chúram; tusa ba chóir dul ina bhun.
It would not do for them to see me, ní dhéanfaidh sé an gnó dá bhfeicfidís mé.
I could not get to see him, ní raibh teacht agam ar é a fheiceáil.
To go to see s.o., to go and see s.o., dul ar thuairisc duine.
(ii) F: I went round to see him, chuas siar (soir, síos, etc.) (ar cuairt) chuige.
How good it is to see the sun again, nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís.
I fail to see how that affects you, ní thuigim conas a bhaineann sin leat.
Go and see him, if only to please me, téigh ag breathnú air, mura mbeadh ann ach le mise a shásamh.
To go out to see the illuminations, dul amach leis na soilse a fheiceáil.
To see your youth in imagination, d'óige a athshamhlú duit féin.
To see how the land lies, (i) F: an scéal a bhrath; (ii) Nau: an cósta a bhreithniú; marcanna a thógáil ar an gcósta.
F: I was beginning to see light, bhí tuiscint an scéil ag teacht chugam.
I like to see them, is maith liom iad a fheiceáil.
There is not a living soul to be seen, níl duine ná daonnaí le feiceáil.
I long to see her, is fada liom go bhfeicead í; tá mé ag tnúth lena feiceáil.
If you can manage to see him, má éiríonn leat é a fheiceáil.
To see things through a mist, scamall a bheith ar do radharc.
To motor over to see s.o., dul i ngluaisteán chun duine a fheiceáil.
There is not much to see, níl mórán le feiceáil.
To see the New Year in, airneán oíche chinn bhliana a dhéanamh.
Not wishing to be seen, I drew the curtain, mar, óir, toisc, nár mhian liom go bhfeicfí mé tharraing mé an cuirtín.
I see no objection (to it), ní léir dom locht ar bith air; ní léir dom rud ar bith ina aghaidh.
To see things other than they are, cúrsaí a thuiscint ar chuma eile seachas mar atá siad.
To see things otherwise than as they are, rudaí a thuiscint ar chuma eile seachas mar atá siad.
You ought to have seen it! mo chreach nach bhfaca tú é!
F: To see a matter in its true perspective, rud a fheiceáil ina cheart.
It was pitiful to see him, chuirfeadh sé trua ort le bheith ag breathnú air.
He likes to see himself in print, is maith leis a shaothar a fheiceáil i gcló.