ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was doing his best, the best he could, bhí sé ar a dhícheall, ag déanamh a dhíchill.
He did his best to smile, rinne sé a dhícheall gáire a dhéanamh.
I took every step that I possibly could, rinne mé mo sheacht míle dícheall, gach ar fhéad mé.
I will help you all I can, tabharfaidh mé mo dhícheall cúnta duit.
You can but try, is leor duit do dhícheall.
s.He did his damnedest, rinne sé a sheacht ndícheall.
To direct one's efforts to(wards) an end, dícheall a dhéanamh ar chuspóir a bhaint amach.
He spares no effort, bíonn sé ar a dhícheall.
To use, make, every endeavour to . . ., gach dícheall a dhéanamh chun. . .
The horse was extended, cuireadh an capall go dtí a dhícheall.
It taxed him to the full extent of his power, chuir sé go dtí a dhícheall é.
He went at it hard, thug sé faoi ar a mhíle dícheall.
He does not grudge his efforts, ní dhéanann sé dhá chuid dá dhícheall.
He is hammering away at it, tá sé ag gabháil dó ar a dhícheall.
He tried his hardest, rinne sé a sheacht ndícheall.
He is hard at work, tá sé ar a dhícheall ag obair.
I could hardly make myself heard, ainneoin mo dhíchill ar éigean a bhí mo chuid cainte le cloisteáil.
No one is expected to perform impossibilities, is leor ó Mhór a dícheall.
He was laying on with a will, bhí sé ag bualadh ar a dhícheall.
F: He did his level best, rinne sé a mhíle dícheall, teann a dhíchill.
He was rowing for dear life, bhí sé ag rámhaíocht ar a chroí díchill.
To put s.o. on his mettle, duine a bhrostú chun a dhíchill.
I was on my mettle, bhí mé i muinín mo dhíchill.
I worked with all my might, d'oibrigh mé ar theann mo dhíchill.
He spared no pains, ní dhearna sé dhá leath dá dhícheall.
He went all out for it, rinne sé a sheacht ndícheall é a bhaint amach.
He was put to the pin of his collar, cuireadh go dtí a dhícheall é; cuireadh trí na húmacha é.
To plod on, coinneáil ort (ar do dhícheall).
To do one's possible, do dhícheall a dhéanamh.
To the utmost of my power, ar mo mhíle dícheall.
To spare no pains, gan dhá leath a dhéanamh de do dhícheall.
To strain after sth., do sheacht ndícheall a dhéanamh ag iarraidh ruda.
To strive to do sth., bheith ag dréim le, féachaint go crua le, do dhícheall a dhéanamh (le), rud a dhéanamh.
He struggled hard to succeed, rinne sé a sheacht ndícheall ar theacht i dtír.
He is sparing no trouble in order to be able to come, tá sé ar a dhícheall le go bhféadfaidh sé teacht.
He tried his best, his hardest, to save them, rinne sé a sheacht ndícheall iad a shábháil.
He was unsparing in his efforts, níor choigil sé a dhícheall.
I made the utmost efforts to . . ., rinne mé mo mhíle dícheall chun . . .
I shall assist you to the utmost of my ability, tabharfaidh mé mo dhícheall cuidithe duit.
I did the very best I could, rinne mé mo mhíle dícheall.
To do as well as one can, do dhícheall, do chumas, a dhéanamh.
Do your worst! déan do dhícheall!