ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The matter is still in abeyance, tá an gnó sin ar fionraí fós.
He knows what he is about, tá fios a ghnó aige.
Mind what you are about, tabhair aire do do ghnó.
F: He gave quite a good account of himself, rinne sé gnóthaí maithe; chruthaigh sé go maith.
To give an account of the position of affairs, léiriú a dhéanamh ar na gnóthaí.
He was only acting a part, ní raibh ina ghnóthaí ach cur i gcéill.
The chief actor in this event, an té is treise lámh sa ghnó seo.
The actual position of affairs, an chaoi atá ar na gnóthaí faoi láthair.
v.i. & pr.To adventure (oneself) (up)on an undertaking, dul i bhfiontar le gnó.
The affairs of this world, gnóthaí an tsaoil seo.
He imagines that he is all and all to the business, sileann sé gurb é féin bun agus barr an ghnó.
Circumstances will not allow it, mar atá na gnóthaí níl sé indéanta.
The matter allows of no delay, níl moill ar bith le déanamh sa ghnó seo, ní fheileann aon mhoill don ghnó seo.
That will answer my purpose, déanfaidh sin scoth gnóthaí dom.
To arrange his affairs, a ghnóthaí a shocrú.
He arranged matters as to please everyone, shocraigh sé na gnóthaí ar dhóigh a shásódh gach aon duine.
Things are going, turning out, badly, níl ag éirí go rómhaith leis na gnóthaí.
He went bankrupt, briseadh ina ghnó é; chuaigh sé i mbá. S.a. UNDISCHARGED.
The matter brooks no delay, tá cruóg dhian leis an ngnó.
I have business with him, tá gnó agam leis.
That's the manager's business, sin gnó an bhainisteora.
It is my business, de mo ghnó é.
Business meeting, cruinniú gnó.
The business before the meeting, an gnó atá os comhair an chruinnithe.
Business is business, tugtar aire do chúrsaí gnó.
He is in business for himself, tá sé ag déanamh gnóthaí dó féin.
Piece of business, beart m gnó.
I am called away on business, tá orm imeacht ar ócáid ghnóthaí.
Business card, cárta m gnó.
To carry on during s.o.'s absence, (i) gnó a stiúradh, a choinneáil ar siúl, le linn do dhuine a bheith as láthair; (ii) leanúint ag obair le linn do dhuine a bheith imithe.
Carrying business, gnó m iompair.
F: Not to make two bites at a cherry, gnó a dhéanamh d'aon iarraidh; gan aon bhraiteoireacht a dhéanamh.
To combine business with pleasure, gnó agus pléisiúr a dhéanamh i gcuideachta.
Com: Wide connection, caidreamh leathan (gnó, etc.).
To place a contract for an undertaking, conradh a dhéanamh chun gnó.
To have control of an undertaking, bheith i gceannas gnó.
To bear the cost of an undertaking, costas gnó a íoc.
To cut the whole concern, an gnó ar fad a chaitheamh in aer, i gcártaí.
F: It's all in the day's work, cuid de mo ghnóthaí é sin.
To deal with a piece of business, beart m gnó a chur i gcrích.
Machine designed for a special purpose, inneall a rinneadh le haghaidh gnó áirithe.
Disposal of a piece of business, críochnú m gnó.
To dispose of a matter, gnó a shocrú, a chur i gcrích.
He disposed of his business, dhíol sé a ghnó.
This room will do for the office, déanfaidh an seomra seo an gnó mar oifig.
That's some of Tom's doings! sin cuid de ghnóthaí Thomáis!
Drive of business, cruóg f (gnóthaí).
To drive a trade, gnó a dhéanamh.
It is an endless task, gnó é nach mbeidh deireadh go deo leis.
He established himself (in business, etc.), rinne sé bun (i gcúrsaí gnóthaí), tháinig bun air.