ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The news got abroad, leath an scéal; chuaigh an scéal amach.
When I got ahead of the other car, nuair scoith mé an carr eile.
I also got a pair of shoes, (i) fuair mise freisin péire bróg; (ii) lena chois sin fuair mé péire bróg.
He got angry, tháinig fearg f, olc m, air.
He got annoyed at me, tháinig rothán air liom.
He got no answer, ní bhfuair sé fáir ná freagra.
Has he got a good appetite? bhfuil dúil ina bhéile aige?
He got his back up, tháinig stuaic air.
He has got backbone, tá miotal ann.
He got into the job through the back-door, shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar.
He got the worst of the bargain, is air a chuaigh meath an mhargaidh.
F: He got more than he bargained for, fuair sé rud nach ndearna sé margadh air.
He got the best of it, of the bargain, bhí an chuid ab fhearr de, den mhargadh, aige.
F: Got a bite? mhothaigh tú sin?
He got the boot, tugadh an bóthar dó, briseadh é.
He got, recovered, his breath, fuair sé an anáil leis.
We got a buffeting in Galway Bay, tugadh an-tuairteáil dúinn i gCuan na Gaillimhe.
He got a bye, fuair sé an chorr.
He got off cheap(ly), tháinig sé saor go leor as, scair sé go maith leis.
He got it off his chest, chuir sé de é.
They got clean away, ghlan siad leo; d'éalaíodar glan.
He got clear, thug sé an eang leis.
Mil: He got his commission, fuair sé coimisiún, rinneadh oifigeach de.
He got into communication with her, chuir sé scéala chuici.
F: He got his company, rinneadh captaen de.
He has got a very good conceit of himself, tá an-bharúil aige de féin.
He got confused, tháinig mearbhall air.
He got out of control, d'imigh sé ó smacht.
He got copped, sáinníodh é.
F: He got my dander up, chuir sé cochall orm.
He got his dander up, chuaigh sé le cuthach.
I got out of my depth, (i) chuas thar foras, thar mo bhaint; (ii) F: chuas thar mo riocht.
He got his deserts, fuair sé a raibh tuillte aige.
You deserve what you got, is beag an scéal tú.
He's got the dibs, fear m airgid é siúd.
He got an extension of time, tugadh tuilleadh ama dhó.
How far have you got (in your reading, etc.)?, an fada chun cinn atá tú (sa léitheoireacht, etc)?
We got on like a house on fire, d'éirigh thar cionn linn, réitíomar go hiontach le chéile.
He has got into a fix, tá sé i gcruachás anois aige féin.
He got flurried, tháinig mearbhall air.
She got flustered, tháinig líonrith uirthi.
He got his foot in, fuair sé áit a chos ann.
He had, got, cold feet, theip an misneach air.
I got a foothold, chuireas mo chos i dtaca, i dteannta.
He got fuddled, chuaigh an braon lastuas de.
He got furious, tháinig confadh buile, straidhn feirge, air; d'éirigh sé chun feirge.
He got into a fury, d'éirigh sé ina chaor bhuile; chuaigh sé le craobhacha.
It is not to be got, níl sé le fáil.
I got this horse cheap, fuair mé an capall seo i saorchonradh.
He got himself a name, bhain sé cáil amach dó féin.