Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: céile · Chile · leibhéal
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
Without acceptance of persons, gan fabhar do dhuine ach oiread le chéile.
Adjacent fields, páirceanna sínte le chéile.
v.i.The two farms adjoin, tá an dá fheirm ag críochantacht, ag síneadh, le chéile.
They cannot agree, ní féidir leo réiteach, tarraingt, le chéile.
(Of thgs.) They don't agree, níl siad ag teacht le chéile; (of opinions) níl siad ag cur le chéile.
Book-k: To agree the books, na leabhair a chur in aontú le chéile.
To aid one another, cuidiú le chéile; cúnamh a thabhairt dá chéile.
Trades closely akin, ceirdeanna a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
You are all alike, tá sibh uile cosúil le chéile; mar a chéile ar fad sibh.
Closely allied industries, tionscail a bhfuil dlúthbhaint le chéile acu.
Phil: To associate ideas, smaointe a chomhcheangal le chéile.
Back to back, le cúl a chéile.
They are on bad terms, níl siad ag tarraingt le chéile.
They banded together, tháinig siad le chéile.
F: (Of pers.) Billing and cooing, ag giollamas le chéile.
To blend colours, dathanna a chumasc le chéile.
To blend wines, fíonta a mheascadh le chéile.
The two voices blend, tá an dá ghuth ag cur le chéile.
They came to blows, chuaigh siad sna lámha le chéile.
Both alike, an dá chuid le chéile.
adv.Both you and I, mise agus tusa le chéile.
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
v.i.To bunch (together), teannadh le chéile go dlúth; brú le chéile.
A cabinet was held, tháinig an chomh-aireacht le chéile.
To cast (up) figures, figiúirí a chur le chéile, a shuimiú.
Cheek by jowl, le punt a chéile.
F: To chime together, a bheith ag teacht le chéile, ag aontú le chéile.
To clan together, seasamh le chéile.
(Of two pers.) To click, taitneamh le chéile (ar an toirt).
To cling together, to one another, teannadh le chéile; fanacht dlúth le chéile.
They are standing close together, tá siad ina seasamh, le taobh, le punt, a chéile.
To close the ranks, na ranganna a dhlúthú le chéile.
Mil: Close up! teannaigí le chéile!
The closeness of their friendship, a dhlúithe a bhíodar (ina gcairde) le chéile.
The closeness of the resemblance between them was remarkable, ba cuid suntais é a chosúla a bhíodar le chéile.
They clubbed their resources (together), chuir siad a gcuid maoine le chéile.
To club together, dul i bpáirt le chéile; airgead a chur i bpáirt le chéile.
An argument that lacks cohesion, argóint nach bhfuil ag teacht le chéile.
They are acting in collusion with one another, tá siad rúnpháirteach le chéile.
They combined forces, chuir siad le chéile.
I came to like him, thaitin sé liom de réir a chéile.
To compile a catalogue, clár m a chur le chéile.
They live in concord, tagann siad le chéile go maith; réitíonn siad go maith le chéile.
Conflicting evidence, fianaise nach bhfuil ag teacht le chéile.
Two closely connected trades, dhá cheird a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
Your actions lack consistency, níl do ghníomhartha ag teacht le chéile, de réir a chéile.
To consult together, dul i gcomhairle le chéile.
(Of gardens, etc.) To be contiguous, a bheith ag síneadh le chéile, teorantach le chéile.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht