TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
once, adv. 1 a Aon uair amháin, uair. Once a week, uair sa tseachtain. Once more, once again, (i) aon uair amháin eile; (ii) arís (eile). Once in a while, corruair; anois agus arís. I told him once (and) for all that . . ., dúirt mé leis den turas deireanach go . . . b (If) once, (when) once we lost sight of him, ón uair amháin rachadh sé as ár n-amharc. Once grasp that and you will understand it all, tuig sin agus tuigfidh tú an t-iomlán. 2 Aon uair amháin, tráth, lá den saol. Once (upon a time) there was a king, (i) bhí rí ann fadó i (ii) bhí rí ann aon uair amháin. I knew him once, bhí aithne agam air lá den saol, lá dá raibh. A collar that had once been white, coiléar a bhí bán lá den saol. Once when I was young, lá amháin le linn m'óige. 3 a At once, Ar an bpointe, láithreach. b Don't speak all at once, ná labhraíodh an t-iomlán agaibh i gcuideachta a chéile, in éineacht. At once a food and a drink, bia agus deoch le chéile, in éineacht. To do a great deal at once, mórán a dhéanamh d'aon iarraidh amháin.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Once again, uair amháin eile.
Once for all, aon uair amháin agus an uair dheireanach.
All at once, (i) (suddenly) go tobann; (ii) (at one time) in éineacht.
There was once a king, bhí rí ann tráth.
There was once a king whose wife died, bhí rí agus cailleadh a bhean.
Prov: Once bitten twice shy, an té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air. S.a. THUMB1.
I am once more in collar, tá mé srathraithe arís.
It took my fancy at once, thaitnigh sé liom ar an bpointe.
I had much rather start at once, b'fhearr liom go mór tosú lom láithreach.
Once in ten years, uair i gceann na ndeich mbliana.
He went just once, níor chuaigh sé ach aon uair amháin.
Once he is launched on that subject he cannot be stopped, nuair a bhaintear é faoin scéal sin ní féidir é a stopadh.
There once lived a king, bhí rí ann fadó.
Once a month, uair sa mhí.
Once in a blue moon, uair sa naoi n-aird.
Once more, aon uair amháin eile.
There's no objection to your leaving at once, níl a bhac ort imeacht láithreach.
To give sth. the once-over, súil reatha a thabhairt ar rud.
First cousin once removed, col m cúigear.
You should do it at once, ba chóir, cheart, duit, a dhéanamh ar an bpointe.
Once he starts talking..., ó bhaineann sé amach sa chaint . . .
Once you start him talking . . ., ón uair a gcuireann tú ag caint é . . .
Once on that subject he never stops, ó thosós sé ar an scéal sin ní féidir a chur ina thost.
More than once, níos mó ná aon uair amháin.
I only saw him that once, ní fhaca mé ach an t-aon uair amháin úd é.
There was once a king, bhí rí ann fadó.
You will be late unless you go at once, beidh tú déanach, mura n-imíonn, n-imeoidh, mura n-imí, tú gan mhoill.
They were urgent for him to go at once, bhí faobhar orthu á chur chun siúil.
I used to see him once a week, ba ghnách liom a fheiceáil uair sa tseachtain.
Once a week, uair sa tseachtain.
We are only young once, ní thagann an óige faoi dhó choíche.