Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: beann · ceann · deann · ann · ceann-
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He came without books and pens, tháinig sé gan leabhar gan pheann.
Ball-point pen, peann gránbhiorach.
He is clever with his pencil, is é atá in ann an peann luaidhe a oibriú.
Clerical error, dearmad pinn.
He held the pen in his hand, bhí an peann ina láimh aige.
I had my pen stolen, goideadh mo pheann orm.
Pen-holder, cró m pinn.
Lend me a pen, an dtabharfá iasacht pinn dom?
To take s.o.'s pen in mistake for one's own, peann duine eile a thógáil i ndearmad in ionad do phinn féin.
hard-nibbed pen, peann cruaghobach.
Stroke of the pen, scríob den pheann.
To run one's pen through sth., stríoc den pheann a tharraingt trasna ar rud.
Pen and ink drawing, pictiúr pinn.
Pen(-nib), gob m pinn.
Steel pen, peann miotail.
Lead pencil, peann m luaidhe.
To pencil a note, nóta a scríobh le peann luaidhe.
Someone has pinched my pen, chroch duine éigin mo pheann leis.
Pen given in return for a pencil, peann a tugadh ar pheann luaidhe, mar mhalairt ar pheann luaidhe.
To run one's pen through a word, do pheann a tharraingt ar fhocal.
F: A scrape of the pen, (i) scríob de pheann; (ii) cúpla focal; (iii) F: síniú m.
self-filling pen, peann féinlíontach.
To sharpen a pencil, barr a chur ar pheann luaidhe.
Pencil-sharpener, biorthóir m peann luaidhe.
Soft pencil, peann luaidhe bog.
Pej: I have a pen of sorts, of a sort, tá ainm pinn agam.
Pen that spirts, peann a spréann.
Pen that squeaks in writing, peann a bhíonn ag dioscán.
He started by breaking his pen, an chéad rud a rinne sé a pheann a bhriseadh.
Steel pen, peann miotail.
With a stroke of the pen, le scríob den pheann.
Are you using your pen? an bhfuil tú ag obair le do pheann?
F: Vitriolic pen, peann m nimhe; peann domlais.
Paper, pens, pencils and what not, páipéar, pinn, pinn luaidhe, agus gach uile shórt, agus rudaí eile mar sin.
The pen with which I am writing, which I am writing with, an peann a bhfuil mé ag scríobh leis.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht