TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
success, s. 1 A: Toradh m. S.a. ILL-SUCCESS. 2 a Rath m -a, conách m, bua m. He met with success, d'éirigh leis; bhí an rath air. A man who has achieved success, fear ar rith an saol leis. It was you who put me on the road to success, is tú a chuir an rath orm. He tried it without success, thug sé iarracht air ach níor éirigh leis. b (Of venture) It turned out a success, d'éirigh leis. The night was a great success, d'éirigh thar cionn leis an oíche. He was a success as Hamlet, rinne sé go maith i bpáirt Hamlet. To make a success of sth., lámh mhaith a dhéanamh de rud.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was confident of success, bhí sé siúráilte roimh ré go n-éireodh leis.
To contribute to the success of sth., oibriú ar mhaithe le rud, chun leasa do rud, ar son ruda.
He was drunk with success, bhí a chloigeann tógtha le chomh maith is bhí ag éirí leis.
It was an entire success, d'éirigh leis amach is amach.
He has a fair chance of success, tá seans measartha maith aige go n-éireoidh leis.
U.S: To figure on a success, bheith ag brath bua a fháil.
He is on the highway to success, tá sé ar bhealach geal a leasa.
It was a howling success, d'éirigh leis as cuimse.
It was a huge success, d'éirigh leis go barr bata.
He is inebriated by success, tá a chloigeann tógtha ó d'éirigh leis.
Everything seems to point to his success, tá gach cosúlacht air go n-éireoidh leis.
Their success is merely a question of time, éireoidh leo leis an aimsir.
Resounding success, bua f iomráiteach.
F: He scored (a success), d'éirigh go seoigh leis.
It substantially contributed to our success, ba mhaith an cuidiú againn é.
Nothing succeeds like success, an té tá thuas óltar deoch air.
His success is sure, níl aon amhras ná go n-éireoidh leis.
To tend to the success of an enterprise, dul chun sochair, cur chun ratha, do ghnó.
F: To reckon happiness in terms of worldly success, sonas a mheas de réir dul chun cinn sa saol.
Success has turned his head, chuaigh an rath ina cheann dó.
His head has turned with success, chuaigh an rath ina cheann dó.