ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He ran amuck, (i) chuaigh sé as a chranna cumhachta; (ii) thóg sé callán millteanach.
F: He blazed with anger, chuaigh sé as a chranna cumhachta le fearg.
He was bubbling over with joy, bhí sé ag dul as a chraiceann le lúcháir.
It must come to that, níl aon dul as sin.
The sound died away, chuaigh an torann as, i léig, diaidh ar ndiaidh.
To do s.o. out of sth., dul i mbarr ruda ar dhuine, duine a chur as rud.
To fade away, out, dul as, ceiliúradh.
To get away for holidays, dul as baile ar saoire.
I can't get out of doing it, níl dul as agam ach é a dhéanamh.
We've got to go through with it, níl dul as againn ach leanúint go deireadh na scríbe.
To get out, fall out, of a habit, dul as cleachtadh.
He became insane, chuaigh sé as a chiall, as a mheabhair.
To leave the room, dul amach as an seomra.
To fall out of line, dul as an líne.
He went mad, chuaigh sé ar mire, le craobhacha, as a mheabhair.
To go out of one's mind, dul as do chiall; do chiall a chailleadh.
(Used only with 'must') I must needs obey, I needs must obey, níl an dara rogha, níl dul as, agam ach bheith umhal.
If needs must, mura bhfuil aon dul as.
There is nothing for it but to submit, níl an dara rogha ann, níl dul as, ach géilleadh.
I was obliged to submit, ní raibh dul as agam ach géilleadh.
(If) once, (when) once we lost sight of him, ón uair amháin rachadh sé as ár n-amharc.
To get out of order, dul as cor.
To go out of the house, dul amach as an teach.
To pass into nothingness, imeacht as, dul as.
To fly into a rage, dul as do chranna cumhachta.
He lost his reason, chuaigh sé as a mheabhair.
When I am away things go on just the same, nuair a bhím as baile téann gach sórt ar aghaidh mar a théadh ariamh.
To get out of shape, to lose shape, dul as a chuma.
I lost sight of him, chuaigh sé as mo radharc, ó radharc orm.
You simply must go, níl aon dul as agat ach dul.
F: Prices soared, chuaigh na luachanna sna réigiúin, as compás,
To start life afresh, dul i gceann an tsaoil as an nua.
To go the way of all things, dul as mar is dual do gach ní.
He was thrown back on manual labour, b'éigean dó taca a bhaint as, dul i muinín, a cheithre cnámha.
To get out of tune, dul as tiúin.