Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: téigh ar · téigh as · téigh gan · téigh · tigheas
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
To come into action, dul ag obair.
He actually swore, chuaigh sé go fiú ag mionnú.
Advancing in age, ag dul anonn in aois.
Advancing in studies, ag dul ar aghaidh sa léann.
The work is advancing, tá an obair ag dul chun tosaigh.
It affected his heart, chuaigh sé faoin gcroí aige.
I was agonized at the thought that . . ., bhí sé ag dul tríom a smaoineamh go . . .
He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh.
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
Wandering amongst the ruins, ag dul thart tríd na fothracha.
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
As he grew older, de réir mar bhí sé ag dul in aois.
He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach.
His clothes are baggy, tá sé ag dul amú ina chuid éadaigh.
He bathes every morning, téann sé ag snámh gach aon mhaidin.
I have been to see him, chuaigh mé ag amharc air.
It is becoming colder, better, tá sé ag dul i bhfuaire, i bhfeabhas.
To go berrying, dul ag baint caor, sméar.
That is (going) beyond a joke, tá sin ag dul thar ghreann.
A little bird told me so, chuala mé ag dul tharam é.
The colours blend, tá na dathanna ag dul isteach ina chéile.
They went out bodily, chuaigh an t-iomlán acu amach in aon slua amháin.
He was bubbling over with joy, bhí sé ag dul as a chraiceann le lúcháir.
He is burning the candle at both ends, tá sé ag dul thar a fhulaingt.
To go out charring, dul ag siobáil; dul ar phá lae; glantachán tí a dhéanamh ar phá lae.
He climbed over the wall, chuaigh sé ag dreapadóireacht thar an mballa.
The road climbs up the side of a hill, tá an bóthar ag dul suas taobh an chnoic.
Everything is going like clockwork, tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon.
The days are closing in, tá na laethanta ag dul chun giorrachta.
I heard him come by, chuala mé ag dul thart é.
The rain came through his clothes, chuaigh an bháisteach isteach tríd an éadach aige.
He does not come up to my waist, níl sé ag dul go básta liom.
With money one commands the world, an té a bhfuil airgead aige tá an saol faoina smacht aige.
What is your complaint? céard atá ort? céard atá ag dul duit?
s. To go for a constitutional, dul amach ag déanamh na gcos.
He was seized with convulsions of laughter, chuaigh sé in arraingeacha ag gáirí.
I am losing count of them, tá siad ag dul ó chomhaireamh orm.
Man is the creature of circumstances, níl dul ag an duine ó chora an tsaoil.
He took the credit for it, chuir sé i gcéill gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul.
I had a creepy-crawly feeling, bhí drithlíní ag dul tríom.
Current reports, scéalta mpl atá ag dul thart.
This remark cut him to the quick, chuaigh an sáiteán sin sa bheo aige.
It is getting dark, tá sé ag dorchú, tá sé ag dul ó sholas.
It dates from . . ., tá sé ag dul siar go . . .
(Of food, etc.) It is getting dear, dearer, tá sé ag daoirsiú, tá sé ag dul i ndaoire, tá sé ag ardú.
To be on the decline, bheith ag dul i laghad, i léig; (of pers.) a bheith ag meath, ag titim; (of prices) a bheith ag ísliú, ag titim.
Lit: The ship was destined for Dublin, go Baile Átha Cliath a bhí an long ag dul.
He was finding it difficult to do, bhí sé ag dul rite leis é a dhéanamh.
I am going for a dip, táim ag dul ag snámh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht