Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: táirg · airg · tair · tairig · tairm
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The motion was carried by acclamation, ritheadh an tairiscint go lúcháireach.
(At auction, sale) To bid for sth., tairiscint a dhéanamh ar rud.
Bona fide offer, tairiscint dháiríre.
The closing bid, an tairiscint dheireanach.
Parl: To ask for a vote of confidence, tairiscint mhuiníne a iarraidh.
To fall in with a proposal, aontú m le tairiscint.
Free offer, tairiscint dheonach.
To take up the gauntlet, glacadh le tairiscint comhraic.
To improve on s.o.'s offer, tairiscint duine a shárú.
To jump at an offer, glacadh le tairiscint de léim.
They laughed down the proposal, chuir siad deireadh leis an tairiscint le neart magaidh.
Laughable offer, tairiscint áiféiseach, gan dealramh.
He leapt at the offer, ghlac sé de léim leis an tairiscint.
Liberal offer, tairiscint fhial.
(In debate) The motion was lost, theip ar, buadh ar, an tairiscint.
To put a resolution before the meeting, tairiscint a chur os comhair an chruinnithe.
To judge a proposal on its merits, tairiscint a mheas ar a fiúntas bunaidh.
To bring forward a motion, tairiscint a mholadh.
The motion was carried, ritheadh an tairiscint.
To move a resolution, tairiscint f a mholadh.
To nibble at an offer, bheith ag braiteoireacht faoi ghlacadh le tairiscint.
The noes have it, tá an tairiscint caillte; is ag lucht ná bíodh atá sé.
That is the best offer I can make, ní féidir liom cur leis an tairiscint sin.
Cards: Pre-emptive bid, tairiscint choisceach.
To make a proposal, tairiscint, moladh, a dhéanamh.
To propose a motion, tairiscint a mholadh.
Reasonable offer, tairiscint chothrom, réasúnta.
To tender one's resignation, tairiscint éirí as.
The offer is not to be sniffed at, ní díol neamhshuime an tairiscint.
I'll make you a sporting offer, seo dhuit tairiscint nach miste dul sa seans léi.
To give support to a proposal, taobhú, treisiú, le tairiscint.
To support the motion, cuidiú leis an tairiscint.
To make, put in, send in, a tender for sth., tairiscint a chur isteach ar rud.
To tender for sth., tairiscint a chur isteach ar rud.
To carry a vote, glacadh le tairiscint.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht