Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aíonna · anon · aoin · aoinne · bonnaí
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
gá, riachtanas (níl aon chall leis; ní call duit labhairt); ceart, éileamh (níl aon chall agat dó, chuige)
ar chor ar bith, in aon chor (ní raibh sé ann chuige)
bata beag; blúire beag tanaí adhmaid chun tine etc.; aon ní cosúil le cipín (cipíní cos)
socrú chun bualadh le chéile (coinne a dhéanamh le duine); súil (ní raibh aon choinne agam leat)
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
an ceannbheart ciorclach óir a chaitheann rí nó banríon; aon ní cosúil leis (An Choróin Spíne); píosa ab fhiú 5 scillinge sa seanairgead (ionann is 25p anois)
(cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa)
dúil bheo, aon ní atá cruthaithe, éan nó feithid nó ainmhí, mar shampla; duine anbhann, duine bocht lách (an créatúr bocht)
ní dhéanann sé aon difear; ní miste
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
tuisceanach; cúramach gan aon ní a rá a tharraingeodh trioblóid; rúnmhar
anró, anó; gruaim, duairceas (croí gan dochma); mífhonn, drogall, col (ní raibh aon dochma air é a dhéanamh)
gléas ceoil cruinn atá folamh istigh ann agus é déanta mar a bheadh fráma agus craiceann sínte teann air agus a bhuailtear le bataí; aon ní atá ar dhéanamh druma (druma coscáin; druma ola)
déileáil, trádáil; úsáid, buntáiste (ní thig liom aon earraíocht a bhaint as)
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
réigiún gan uisce agus gan aon ní ag fás ann; áit atá bánaithe ar fad; áit a bhfuil fás fiáin féir ann
ceann de na rudaí crua geala sa bhéal a dhéanann cogaint ar bhia; aon ní cosúil le fiacail (fiacla círe, fiacla sáibh); scéimh, ciumhais (fiacail aille)
feithid bheag feola nó bia; aon ní bídeach
aon ní is féidir a chloisteáil, ar nós caint, ceol nó glór ar bith
an pháirt den chorp idir an muineál agus an lámh; aon ní cosúil leis sin (gualainn cnoic, gualainn báid)
aon ní scríofa a mhilleann clú duine
sraith achainíocha a úsáidtear i seirbhísí eaglasta nó mar eireaball leis an gCoróin Mhuire; aon ní a bheadh de ghlanmheabhair ag duine (tá sé ina liodán aige)
ní dhéanann sé aon difear, is cuma
seanrá, leagan cainte, rá coitianta (tá sé sin ina nath againn); sonrú (ná cuir aon nath ann); dua, trioblóid (ní haon nath aige é)
aon ní, faic, dada, náid
talamh agus uisce thart air, inis; aon ní atá scoite amach óna thimpeallacht (oileán sráide)
bíoma adhmaid; aon ní mór dá chineál (rachta fir)
cumas nó acmhainn feiceála (níl an radharc go maith aige); raon amhairc (fad mo radhairc uaim); féachaint, amharc (ní fhaca mé aon radharc air); an rud a fheictear, feic (radharc mara, tíre; is gránna an radharc é); díol súl, neart (bhí radharc daoine ann); súil(e) (an taobh geal dá radharc); cuid amháin de ghníomh i ndráma
ádh, fortún (ní bheidh aon rath ar an tír feasta); beannacht (rath Dé ar an obair); flúirse (rath a dtorthaí); críoch, íde (cad é an rath a chuir tú ar an airgead?); maith (curtha ó rath aige)
aon ní mór láidir dá chineál
aon ní atá marcáilte go rialta agus a úsaidtear mar chaighdeán tomhais (mar shampla, teirmiméadar); sraith nótaí ceoil ag éirí nó ag titim agus áirithe thomhaiste eatarthu; toisí pictiúir, cuspa, plean, etc., tarraingthe i gcoibhneas leis an rud féin (mar shampla, cuspa d'fhoirgneamh ar scála, mapa tarraingthe ar scála 1" in aghaidh an mhíle)
scead bheag; aon ní beag
siúnta a bhfuil ceann de greamaithe ar bhonn docht, rud a chuireann i gcumas aon ní a ghreamaítear ar an gceann eile de casadh thart gan bhac (cathaoir sclóine)
níos túisce ná, ach (aon ní seachas a bheith díomhaoin); i gcomparáid le (tá siad go breá anois seachas mar a bhí)
tointe singil snátha; aon ní cosúil le snáithe (snáithe scéil, snáithe mo shaoil); na hiomairí nó na claiseanna ar scriú; gráinne in adhmad; fíochán i móin
tógáil nó cuid de thógáil atá cuartha as a barr; aon ní cosúil leis
brionglóid; cuimhneamh (ní raibh aon taibhreamh agam go ndéanfá é; bíonn rudaí á dtaibhreamh dó)
tuiscint, leid (ní bhainim aon tátal as an gcaint)
an ball sochorraithe sa bhéal chun labhartha agus chun blaiste; cumas labhartha (ar chaill tú do theanga?); caint (teanga na tíre; na teangacha Eorpacha); aon ní cosúil le teanga (teanga bróige; trumpa gan teanga)
ábhar drithleach a úsáidtear i gcomhair mhaisiúchán na Nollag; aon ní gáifeach gan mórán tairbhe
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht