SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
fána; sceabha (ar claon); luí nádúrtha le beart de chineál áirithe (lean sé dá chlaon); bá (tá claon ag an leanbh leat); antoil (claon chun oilc)
claon a bheith ann, ar claon; luite le holc (ár dtoil chlaon)
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
ar claon i dtuairimí nó i mbreithiúnas
ceart nó buannacht shinsearach; ceart oidhreachta; eastát sinsearach (seilbh a fháil ar do dhúchas); d'áit nó do thír féin (filleadh ar do dhúchas); muintearas, cóngas (ní dár ndúchas iad); oidhreacht, luí nó claonadh nádúrtha (tá an t-éitheach sa dúchas aige); staid nádúrtha nó fiáin, fiántas (madra dúchais); a tháinig ó shinsear (ceart dúchais, teanga dhúchais)
claonadh, sceabha (gearrtha ar fiar); cor, casadh; crostacht
ar fiar; claonadh nó sceabha air; cor nó casadh ann; cam
ar fiar, ar sceabha, claonta, cam
ar leathchliathán, claonta, ar fiar
aigne, suíomh na smaointe; meon, claonadh (intinn oilc); aird (d'intinn a leagan ar rud); sprid (tá tógáil intinne ann); aidhm, cuspóir (cad tá ar intinn agat a dhéanamh?); tuairim (nílim ar aon intinn leat)
an bonn a bhaint ó rud (duine, crann, a leagan); caitheamh, iomrascáil; ísliú (seol a leagan); cur síos, cur in áit (cloch bhoinn a leagan; leag do lámh air); gearradh (leagadh cáin throm air); cur (leag ansin í, go leaga Dia an t-ádh ort); claonadh, lé (leagan a bheith agat le rud, leagan ó dheas)
taobh nó cliathán amháin, leathimeall (ar leataobh an bhóthair); leathchliathán, claonadh (tá leataobh air ag siúl); áit pháirceála ar thaobh príomhbhóthair
sínte ar an taobh, claonta, leataobhach; claonta ar thaobh amháin; leathfhásta; ceann de bheirt nó de phéire
cliathán amháin; claonadh ar leataobh
gan a bheith claonta ar thaobh amháin ná ar thaobh eile; gan a bheith páirteach le ceachtar taobh; gan a bheith ceachtar acu fireann ná baineann (ó thaobh inscne)
claonta, casta; ar sceabha; guagach; cam
claon, fiar, luí ar leataobh ón díreach
cliathán, taobh; claon, sceabha; fonn, fuadar (tá slios air chuige); stráice talún
clár leathan adhmaid nó miotail ar insí ar dheireadh báid nó eitleáin lena stiúradh; smacht (stiúir a chur ar pháistí); claonadh, gotha, geáitse (stiúir chainte, throda; stiúir bháistí ar an lá); cuma, fuadar (tá stiúir nimhe air)