SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
duine atá i ndaorghreim ag drochnós (ar nós caitheamh drugaí, etc.)
éadach atá caite i leataobh
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
scríobadh, glanadh (díog a chartadh); leasú, coirtiú (leathar a chartadh); caitheamh, scuabadh (cartadh i dtír iad)
cluiche foirne ina gcaitear liathróid mhór isteach i gcochall ardaithe
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
gasra daoine le chéile, comhluadar (i gcuideachta duine; is breá an chuideachta iad); greann, spórt, caitheamh aimsire (déanfaidh sé cuideachta dúinn); comhlacht gnó
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
breith nó rialú a tugadh san am atá caite agus a thógtar mar shampla nuair a bhíonn a leithéid i gceist arís
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
úr, a tháinig ann le déanaí (prátaí nua, scéal nua); nach bhfacthas nó nárbh eolach roimhe sin (múinteoir nua); nár úsáideadh nó nár caitheadh cheana
cúrsa, ré (i mbarr a réime; tá a réim caite); ceannas, údarás (na daoine atá i réim inniu); raon, réimse (réim thalún)
i ndrochshláinte; imithe, caite (tá mo chuid airgid rite)
caitheamh i ndiaidh cúrsaí saolta, imní chun an tsaoil; saibhreas saolta
caitheamh soir siar nó i ngach treo baill; leathadh (scéala a scaipeadh); cur amú (scaip sé a chuid airgid); imeacht ó chéile (scaip an cruinniú); leá (scaip an ceo)
duine ann as; duine caite croite
bualadh, plancadh, briseadh (smiotadh i gcoinne an bhalla é); mionú (glasraí a smiotadh); caitheamh (airgead a smiotadh)
bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)
caitheamh (teilg uait é; cloch, sleá, a theilgean); sileadh (deora, fuil, a theilgean); ceapadh i múnla, múnlú (ór teilgthe, coinneal a theilgean); fliuchadh (aol a theilgean)
planda faoi dhuilleoga móra a thriomaítear agus a ghearrtar suas le caitheamh i dtoitíní, i dtodóga agus i bpíopaí
tobac mionaithe agus é fillte i bpáipéar mín le caitheamh
mangaisíní; rudaí a bheadh caite i leataobh