SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
buairt faoi rud éigin a rinne tú nár cheart duit a dhéanamh; brón (tá aithreachas orm)
ainmhí géarfhiaclach faoi fhionnadh mín agus eireaball leathan a ghearrann adhmad agus a dhéanann dambaí in abhainn
faoi dhéin, os comhair, os coinne
faoi dhéin, le haghaidh (i gcomhair an lae amárach)
buairt faoi chaill duine eile (rinne siad comhbhrón léi faoi bhás a hathar)
cur fút, maireachtáil (áit chónaithe, scoil chónaithe); suan, suaimhneas (na páistí a chur faoi chónaí); stad, stopadh (ní dhearna sé stad ná cónaí)
faoi choinne, i gcoinne, ag triall ar (tá sé ag teacht faoi mo dhéin)
déanamh díchill i ndiaidh ruda; iomaíocht (ag dréim, i ndréim, le duine, faoi rud); súil (níl raibh dréim agam leis; ag dréim le hardú céime)
gabháil déanta air; i ngreim nó in achrann (gafa sa dris); faoi choinneáil (gafa i bpríosún); sáite i (gafa in obair); in áirithe nó faoi sheilbh (tá an líne, an suíochán gafa); gléasta, cóirithe (gafa go foirmiúil); inroinnte ar (tá B gafa in A)
caint scigiúil (ag magadh faoi dhuine); déanamh grinn (ní raibh mé ach ag magadh, mar mhagadh a bhí sé)
faoi riail (ord, bean, rialta); mar nós nó mar ghnás (déanaim go rialta é sin); (le gramadach) a théann de réir rialach
meáchan (lig sé a throm ar mo ghualainn); ualach, ciapadh (chuir sin trom ar m'intinn); an chuid is mó (tá trom na hoibre déanta); milleán (trom a chur ar dhuine faoi rud)