SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
an fad ama a bhaineann sé as an domhan dul timpeall na gréine; 365 lá nó 52 seachtain nó 12 mí
gléas le saighead a scaoileadh; gléas le veidhlín a sheinm; fáinne thart ar an ngrian nó ar an ngealach
stua álainn le dathanna éagsúla a bhíonn le feiceáil sa spéir nuair a shoilsíonn an ghrian tríd an bhfearthainn, tuar ceatha
meán na haimsire in áit nó i dtír, i.e. meán na teochta, na fearthainne, na gréine, ar feadh tréimhse áirithe
an bealach nó an treo ina ngluaiseann rud, turas timpeall (cúrsa na gréine; tá a chúrsa rite); raon, réimse (cúrsa scoile, cúrsa staidéir); rud, ní (cúrsaí an tsaoil, cúrsaí airgid); cúis, cás (ní cúrsaí magaidh é); ócáid, uair (bhí mé ann cúrsa)
taobh deas, taobh na láimhe deise; áit chuí (ar dheis na gréine); caoi, seans (ar rud a dhéanamh); dea-ord nó buntáiste; bailchríoch
taobh na láimhe deise; ar aon treo le gluaiseacht lámha cloig nó le himeacht na gréine (casadh deiseal, ar deiseal)
treo féachana; aghaidh (ar dheisiúr na gréine)
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
dul no cur trí thine; loscadh (dó gréine, neantóige, seaca)
urú gréine nó gealaí; dorchú radhairc, daille; mearbhall intinne
seasamh suas (ó bheith sínte nó suite); teacht as an leaba; teacht aníos (éirí gréine); ardú (gaoth ag éirí); ard (éirí i mbóthar)
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
taitneamh, scáil (friothamh na gréine)
dul faoi gréine etc.; deireadh (fuineadh lae)
sleá bheag; ceann de na hingne géara ar chrúb éin nó ainmhí; líne sholais (gá gréine); líne ó lár ciorcail go dtí an imlíne; duán báid
ar dhath an tsneachta nó an aoil; ar dhath an airgid; cosúil le solas an lae nó na gréine; glan, sona; áthasach, geanúil (anam geal, gáire geal, a ghrá geal, is geal an scéal liom é)
tréimhse gheal (gealán gréine); léas, soilse, gealas (tine ghealáin)
cáil ard (glóir shaolta); adhradh agus moladh mór (glóir do Dhia); solas neamhaí (glóir na gréine); aoibhneas na bhflaitheas (bheith sa ghlóir)
téamh le gréin (tú féin a ghrianadh)
seomra nó balcóin ar aghaidh na gréine
geal le solas na gréine; taitneamhach
an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine; solas an lae (fanfaimid go lá); an tréimhse ó mheán oíche go meán oíche arís (seacht lá na seachtaine); lá, dáta, áirithe (lá aonaigh, lá pá, an chéad lá den mhí); lá féile (Lá Nollag, Lá Bealtaine); bua an lae (tá an lá leat); ré saoil (bhí sé go maith ina lá); aimsir reatha (sa lá atá inniu ann); tréimhse (is fada an lá ó chonaic mé é); (ón lá seo amach; an lá is fearr a bhí sé); uair, am (lá éigin, lá dá raibh); pioc (níl lá iomrá aige air)
cumasach, cumhachtach (comh láidir le capall); iomadúil (buíon láidir fear); gustalach (feirmeoir láidir); buan, stóinsithe (bróga láidre; creideamh láidir); deacair a chasadh (goile láidir); dian ar na céadfaí (grian, deoch, láidir); iontach (is láidir nár leagadh mé); ardghlórach, fórsúil (guth, caint, láidir; gaoth láidir)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
claonadh, luí, fabhar (tá lé aige liom, bhí lé leat); luí, raon, radharc (faoi lé na gréine, na gaoithe)
dath, imir, niamh (lí na gréine, an óir); dathú
síneadh siar; dul chun leapa (dul a luí); dul faoi (luí gréine, gealaí); brú (tá an bhróg ag luí orm); cromadh ar rud nó tabhairt faoi (luigh sé isteach ar an obair, luigh sé leis an ól); leagan (luí na tíre); meáchan (faoi luí na bhfód; chuir sé ina luí air é)
taoide lag nuair nach mbíonn an ghealach agus an ghrian ag tarraingt le chéile in aon treo ar an bhfarraige (Malairt é seo ar rabharta)
rud cruinn cosúil le liathróid (meall na gréine); páirt chruinn de rud (meall na coise); cnap, moll, ailp (meall ceo, meall ime)
a dhéanamh nocht nó éirí nocht (do cheann, do chorp, a nochtadh); an chlúid nó an craiceann a bhaint de rud (cábla a nochtadh; coinín a nochtadh); taispeáint, foilsiú (rún a nochtadh; nó gur nocht an ghrian ar an aer)
an tréimhse idir luí agus éirí gréine; féile, bigil (Oíche Shamhna)
scáth gréine nó fearthainne
corpán spéire a thimpeallaíonn an ghrian mar a dhéanann an domhan
ceann ar bith de na pointí beaga geala i spéir na hoíche, go mór mór cinn a bhfuil suíomh seasmhach acu agus a thugann a gcuid solais féin uathu ar nós na gréine
conair, cúrsa, cosán (rian na gréine, rian srutha); marc, lorg (rian coise, cairte); brí, fuinneamh (gan lúth gan rian); dada cearr (níl rian air)
loinnir, lonradh, ga (gréine)
scáth, dorchadas (faoi scáil na gcrann; scáil cuaille ar an talamh); íomhá, samhail (scáil na gcrann san uisce); loinnir ghlé (scáil na gréine); taibhse (níl ann ach a scáil)
béiceadh; glaoch, gairm (ainm, rolla, a scairteadh); briseadh amach, pléascadh (scairt an ghrian; rinne sé scairteadh gáire)
splanc (scal ghréine, tintrí); gusta (gaoithe)
briseadh amach (an ghrian ag scaladh); gusta (scaladh gaoithe)
paiste leathdhorcha; cruth ruda ar an talamh, ar bhalla etc., mar a chaitheann solas ón taobh thiar de; scailp, clúdach (ar scáth na gréine; cuir scáth folaigh ort); foscadh, fothain (ar scáth an Tiarna; dul ar scáth talún; scáth fearthainne); íomhá, scáil (scáth i scáthán); taibhse; eagla, faitíos (gan scáth gan eagla); náire, támáilteacht
glasra a bhfuil cosa fada ramhra air (a choinnítear ó sholas na gréine chun go mbeidís geal in ionad a bheith glas mar is dual dóibh)
taitneamh (mar an ghrian, mar sholas); gealadh, a dhéanamh soiléir (an teach a shoilsiú; soilsigh ár ndorchadas); foilsiú, nochtadh
rud a lonraíonn agus a thugann léargas dúinn (solas na gréine, solas na gealaí); foinse an tsolais féin (lampa, coinneal etc.); lasair (d'iarr sé solas orm); léas (idir mé agus an solas); foilse (rud a thabhairt chun solais); saol, beatha (le mo sholas)
scóladh, seargadh (spalladh gréine); triomach, tart; racht (bhí spalladh náire orm)
scaladh (spalpadh gréine); roiseadh, scilligeadh (ag spalpadh éithigh, mionnaí móra)
lonradh, soilsiú, dealramh (an ghrian ag taitneamh); sult, sásamh aigne (bhain sé taitneamh as; níor thaitin sé leis)
líonadh agus trá na farraige dhá uair sa lá trí tharraingt na gréine agus na gealaí; tuile agus aife na farraige; sruth ag rith tríd an bhfarraige le linn tuile nó aife; tamall maith