SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
tamall de rud ar bith (babhta oibre); seal áirithe coimhlinte (an dara babhta den troid); uair (an babhta seo); buille tubaisteach, bris (is mór an babhta air é)
leacht a thálann ainmhithe baineanna ar a rudaí óga; an leacht seo ó bhó nó ó ghabhar a ólann daoine agus a úsáidtear i ndéanamh earraí déiríochta; sú bán ar bith atá cosúil le bainne
spota nó áit; rud nó cuid de rud; comhpháirt den chorp; comhalta de chumann nó d'eagraíocht ar bith
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
rud ar bith, neamhní, náid, faic
cuid bhunúsach de rud; substaint ar bith nach féidir a bhriseadh suas ná a dheighilt ina substaintí atá difriúil léi féin (airgead, mearcair, hidrigin); snáth miotail a lasann i mbolgán leictreach
rud ar bith, dada (níl faic air; níl sé ag déanamh faic)
rud ar bith atá neamhghnách nó suaithinseach
rud gearr ar bith; blúire
áis nó uirlis (gléas ceoil, gléas tógála); deis, dóigh (gléas beatha); ord, eagar, caoi cheart (rud a chur i ngléas); éadach, feisteas (cuir gléas ort féin); an príomhnóta i bpíosa ceoil
maide láidir a chuirtear mar chosaint le balla nó cruach nó rud ar bith mar sin atá i mbaol titim
an iarracht a chaitear le rud a dhéanamh (obair throm); tasc, saothar (obair bhaile); fostaíocht (níl aon obair le fáil); rud ar bith a dhéantar nó a tháirgtear, toradh saothair (obair láimhe, obair ealaíne); modh nó mianach oibre (obair shlachtmhar, thútach); dua (le hobair a fuair mé uaidh é); (iol ) na páirteanna oibre in inneall, i gclog etc.
cumas intinne le teacht ar thuairimí, nó le rudaí a dhéanamh amach (a chiall is a réasún); ciall, tuiscint mhaith (éisteacht le réasún); fáth, cúis (ní raibh réasún ar bith aige leis)
deannach, cré, láib, ola, gréisc, nó smál ar bith eile a thruaillíonn rud i gcaoi gur gá é a ghlanadh; (le caint, smaointe etc.) gáirsiúlacht; (le talamh) fiaile; ceobhrán, brádán (salachar báistí)
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
dúnadh céarach nó luaidhe a chuirtear ar cháipéis mar chruthú gur fíorcháipéis í agus nach brionnaithe atá sí, nó ar rud ar bith ionas nach féidir é a oscailt gan an dúnadh a bhriseadh; marc, iarsma (d'fhág an aicíd a séala air)
rud a lonraíonn agus a thugann léargas dúinn (solas na gréine, solas na gealaí); foinse an tsolais féin (lampa, coinneal etc.); lasair (d'iarr sé solas orm); léas (idir mé agus an solas); foilse (rud a thabhairt chun solais); saol, beatha (le mo sholas)