SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
dlí a ritheann parlaimint tíre (acht parlaiminte); conradh; coinníoll (ar acht go)
brainse d'arm tíre a úsáideann eitleáin
staid áite nó tíre ina bhfuil daoine imithe ó smacht dlí
airgead na tíre idir nótaí agus bhoinn
madra mór cosanta cosúil le mac tíre
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
uirlis troda; uirlis oibre; airm le chéile (lucht airm); fórsaí troda faoi airm (arm na tíre)
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
formhór (bunáite na ndaoine, na tíre)
córas faoina bhfuil seilbh ag daoine agus ag comhlachtaí aonair - agus ní ag an stát - ar mhaoin na tíre
áitritheoir cathrach; saoránach tíre
limistéar, réigiún, taobh tíre; cuid de chathair nó de chontae
muintir aon tíre a chuireann fúthu i dtír eile
roinn riaracháin tíre (Tá 32 contae i dtír na hÉireann)
gardáil, sábháil ó ionsaí, ó bhaol etc. (ag cosaint na tíre; báire a chosaint); dul in airgead (chosain sé fiche punt orm)
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
tosach do chúrsaí cúige thar chúrsaí tíre
gnúis, scéimh, cuma (duine); aghaidh, dromchla (dreach na tíre)
áit nó tír dhúchais; talamh, eastát; réigiún, taobh tíre, ceantar; mórán (an dúiche daoine, airgid etc.)
le linn, i rith (ar feadh an lae); ar fhad, ar fud (ar feadh an bhóthair, ar feadh na tíre); chomh fada le (ar feadh m'eolais nó mo chuimhne)
i ngach páirt nó ball de (ar fud na tíre); i measc (ar fud daoine, ar fud (fad) a chéile)
dílseacht d'údarás na tíre
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
talamh íseal idir dhá dhroim tíre nó idir dhá chnoc; log (gleann i ndroim duine, gleann i ndíon tí)
ainmhí cosúil le mac tíre agus glam aige atá cosúil le gáire fiáin
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
(le substaint) meán; lár (in idirmheán na tíre)
bail an ruda atá leathan, leithne; chomh leathan agus atá rud (dhá throigh ar leithead); achar nó spás áirithe (leithead tíre); brat, clúdach, éadaigh; mórchúis, mustar (fear leithid)
ceann tíre a théann i bhfad amach san fharraige
gortú, goin (lot droma); díobháil (lot tíre, barr); sárú, briseadh (lot rialach)
síneadh siar; dul chun leapa (dul a luí); dul faoi (luí gréine, gealaí); brú (tá an bhróg ag luí orm); cromadh ar rud nó tabhairt faoi (luigh sé isteach ar an obair, luigh sé leis an ól); leagan (luí na tíre); meáchan (faoi luí na bhfód; chuir sé ina luí air é)
feoil mhéith; saibhreas, torthúlacht (méith na tíre)
duine atá naimhdeach leat nó a throideann tú; tír nó fórsa airm in aghaidh tíre eile; rud mar bhia, etc. nach réiteodh leat (níl aon namhaid agam ach é)
gnás; béas; bealach, slí (nósanna na tíre, na háite)
toghchán i gcomhair na Dála nó na parlaiminte ar fud na tíre ar fad
muintir, daoine; muintir aon pharóiste nó aon eaglaise (os comhair an phobail, teach pobail); daonra (pobal na tíre)
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
cumas nó acmhainn feiceála (níl an radharc go maith aige); raon amhairc (fad mo radhairc uaim); féachaint, amharc (ní fhaca mé aon radharc air); an rud a fheictear, feic (radharc mara, tíre; is gránna an radharc é); díol súl, neart (bhí radharc daoine ann); súil(e) (an taobh geal dá radharc); cuid amháin de ghníomh i ndráma
athrú bunúsach i gcúrsaí tíre; treascairt rialtais ag lucht ceannairce
limistéar mór tíre; ceantar; páirt den domhan nó den spéir
bior, pointe; barr, mullach (ó rinn go sáil); ceann tíre; bior claímh nó scine
cuid roinnte (an roinn seo tíre); cuid ar leith (Ranna Stáit)