Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: tuas · tura · ruas · sura · Taurus
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
turas fir1 aistear; oilithreacht; babhta, am, ócáid (bhí mé ann turas, ceann amháin sa turas) d'aon turas d'aon toisc, d'aon ghnó
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
turas; bealach timpeall; turas as bealach
turas thart timpeall
feithicil ar dhéanamh carráiste á tarraingt ag capaill; carráiste traenach; bus le haghaidh turas fada
sa stair, turas Críostaithe chun an Tír Naofa a fháil ar ais ó na Mahamadaigh; gluaiseacht mhór ar mhaithe le haon dea-chúis
turas, cúrsa (thugamar cuairt na cathrach); turas gearr ar áit nó ar dhuine
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
an bealach nó an treo ina ngluaiseann rud, turas timpeall (cúrsa na gréine; tá a chúrsa rite); raon, réimse (cúrsa scoile, cúrsa staidéir); rud, ní (cúrsaí an tsaoil, cúrsaí airgid); cúis, cás (ní cúrsaí magaidh é); ócáid, uair (bhí mé ann cúrsa)
gan a bheith saor; crua; costasach (ba dhaor an turas orm é); costasach in airgead (earraí daora); ciontach (fuarthas daor é)
gan éifeacht, amú (is díomhaoin mo ghnó, mo thuras); gan a bheith ag obair (lá ag obair agus lá díomhaoin); leisciúil; neamhphósta
turas fiontair nó fionnachtana; cúrsa nó teagmhas gan choinne, tarlú iontach; scéal eachtrúil, rabhcán beag, scéal gaisce nó iontais
ráiteas bréige d'aon turas leis an bhfírinne a cheilt; bréag
eachtra; amhantar, turas nó tionscadal a bhfuil iarracht de bhaol ag roinnt leis
gan aon rud nó aon duine istigh ann (soitheach folamh, spás folamh; teach folamh); gan éifeacht (gáire folamh); in aistear (turas folamh); amú (buille folamh)
duine a thugann turas i bhfad i gcéin ar áit bheannaithe
turas oilithrigh
duine a théann ar turas i gcóir thaistil, go háirithe ar bhus, ar thraein, i mbád nó in eitleán
turas pléisiúir ar tháille laghdaithe
bealach; cúrsa, turas
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
dul ó áit go háit, dul ar aistear; turas, triall
focal nuachta, eolais, treorach etc., ó dhuine go duine eile; turas gearr le teachtaireacht nó chun rud éigin a bhailiú nó a sheacadadh
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)
cúrsa, turas, aistear (timpeall an tobair a thabhairt; tá míle de thimpeall ansin); máguaird (na daoine inár dtimpeall); comharsanacht (tá timpeall an tí le réiteach); giorta (tá ceithre troithe de thimpeall aige)
d'aon turas, d'aon ghnó
imeacht, taisteal; turas, aistear (i dtrácht an bhealaigh dom); gnáthú (áit a bhfuil trácht mór air); gluaiseacht daoine, feithiclí, loingis etc., ar bhealaí taistil poiblí; na daoine, feithiclí etc. a thaistealaíonn amhlaidh; trádáil earraí etc. (bád tráchta)
taisteal, turas (cá bhfuil do thriall?; ag triall ar Éirinn); lorg (dul ag triall ar chabhair)
turas, babhta (de thruip lae, de thruip na huaire); barrthuisle (truip a chur ar dhuine); cic
cuntas laethúil captaein ar thuras loinge nó eitleáin
duine a thugann turas ar áit chun saoire, cuairteoir
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht