Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: knot · net · nit · no · nob
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for not »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
not, adv. Ní, ná, cha(n). 1 He comes not, níl sé ag teacht. I know not, ní feasach mé; ní heol dom. Fear not, ná bíodh eagla ort. 2 a He will not, won't, come, ní thiocfaidh sé; cha dtig sé. She is not, isn't, there, níl sí ann, chan fhuil sí ann. Do not, don't, stir, ná corraigh. You understand, do you not, don't you? tuigeann tú, nach dtuigeann? He is here, isn't he, is he not? tá sé anseo, nach bhfuil? Did he not go yet? cheal nár imigh sé fós? b (Stressed) I am ready. -- You are not ready, tá mé réidh. -- Níl ná réidh. c What is she like? -- Not pretty, cad é an chosúlacht í? -- Níl sí deas. Are you ill? -- Not at all, an bhfuil tú tinn? -- Níl ar chor ar bith, in aon chor. Thank you so much -- Not at all, go raibh céad maith agat! -- Is fiú duit sin; fáilte romhat. If fine we shall go out, if not, not, má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh. Is he a priest or not? an sagart é nó nach ea? Why not? cad chuige nach (ndéanfá, etc?). I wish it were not so, is mairg gurb amhlaidh atá; b'fhearr liom nach mbeadh amhlaidh. I don't care whether he comes or not, is cuma liom cé acu thiocfas sé nó nach dtiocfaidh, é a theacht nó gan é a theacht. Is she young? -- I think not, an bhfuil sí óg? -- Sílim nach bhfuil; ní dóigh liom é. Not even in France do they. . ., sa Fhrainc féin ní. . . Not negotiable, neamhinaistrithe; do-aistrithe. 3 Not wishing to be seen, I drew the curtain, mar, óir, toisc, nár mhian liom go bhfeicfí mé tharraing mé an cuirtín. Not including. . ., gan trácht ar. . . He begged me not to move, d'agair sé mé gan bhogadh. 4 Not that I care, ní hé gur miste liom. Not that I fear him, ní eagla atá orm roimhe; ní hé go bhfuil eagla orm roimhe. 5 (With pronoun) Are you going to tell him? -- Not I! an bhfuil tú ag braith ar a insint dó? -- Baol orm! Not everybody can be a poet, ní do gach duine atá sé i ndán a bheith ina fhile. 6 (In litotes) There were not a few women amongst them, níor bheag a raibh de mhná ina measc. The news caused not a little surprise, ní beag an t-iontas a chuir an scéal ar dhaoine. He had an air of dignity not unmingled with shyness, bhí bealach uasal leis nach raibh saor ar fad ó chúthaileacht. 7 Not a murmur was heard, ní chualathas oiread agus monabhar. Not a drop was drunk, níor óladh braon féin.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was not accountable for his action, ní as ciall a rinne sé é.
That is not what I am accustomed to, (i) ní hé sin a chleacht mé riamh; (ii) níl an nós sin agam.
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
The pump is not acting well, tá ainghléas ar an gcaidéal.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
The windows do not admit enough air, ní ligeann na fuinneoga go leor aeir isteach.
That does not affect the matter, ní bhaineann sin leis an scéal.
I am afraid that he will not come, is eagal liom nach dtiocfaidh sé.
Again I am not sure that..., lena chois sin nílim cinnte go . . .
He does not look his age, níl a aois le haithint air.
Not long ago, ar na mallaibh, le gairid.
The wine does not agree with him, ní thagann an fíon leis.
You are not as ill as all that, níl tú chomh tinn sin amach.
Are you ill? Not at all! an bhfuil tú breoite? nílim ná breoite.
He is not all bad, ní drochdhuine ar fad é.
Circumstances will not allow it, mar atá na gnóthaí níl sé indéanta.
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
I was not alluding to you, ní tusa a bhí mé a rá.
Not alone did he steal my money, ní hé amháin gur ghoid sé mo chuid airgid.
Not only... but also..., ní hamháin... ach lena chois..., ach freisin...
That would not come amiss, ní bheadh doicheall ar bith roimhe sin.
Not one amongst them believes it, ní chreideann oiread agus aon duine amháin acu é.
There is not such another man, níl an dara duine dá chineál ar an saol.
He did not answer a syllable, níor labhair sé smid.
He answered that he did not know, d'fhreagair sé is dúirt sé nach raibh a fhios aige.
He did not answer his name, níor fhreagair sé a ainm.
She would not answer the helm, ní raibh stiúradh uirthi.
He did not answer the charge, níor chosain sé é féin sa chúis.
His plan did not answer, níor éirigh lena phlean.
The question is not answerable, (i) ní féidir an cheist a fhreagairt; (ii) ní féidir an cheist a fhuascailt.
I did not count on his antagonism, níor shamhail mé gur i m'aghaidh a bheadh sé.
He is not very anxious to learn, níl fonn mór foghlama air.
Not any . . . ceann ar bith, rud ar bith . . .
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
Not anybody, not anyone, duine ar bith.
Not... anywhere, in aon áit, in áit ar bith.
The boat, it appears, did not call at. . ., de réir cosúlachta, níor tháinig an bád isteach go ...
One should not judge by appearances, ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
He did not apply his mind to it, níor leag sé a intinn air.
He did not come at the appointed time, níor tháinig sé ag an uair a bhí leagtha amach, a bhí ceaptha.
It has not changed appreciably, níl aon athrú le tabhairt faoi deara air.
As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht.
He is not so foolish as to believe it, níl sé chomh hamaideach agus go gcreidfeadh sé é.
While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach...
He is not attending to his studies, níl a umhail ar a chuid léinn.
He is not averse to a glass of beer, ní bheadh doicheall ar bith roimh ghloine leanna air.
Not that I am aware of, níl (etc.), ar feadh a bhfuil a fhios agam.
It's not bad, not so bad, it isn't half bad, dheamhan a bhfuil basctha dó, níl locht air.
It would not be a bad thing, a bad plan to..., níor mhiste ...
I'm not so bad, níl cailleadh ar bith orm.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Ling: To contract 'shall not' into 'shan't', 'shall not' a ghiorrú go 'shan't'.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News