PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accommodated himself to the circumstances, rinne sé a mhór dá dhóigh.
According to himself, más fíor dó féin, de réir mar a deir sé féin.
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
It makes my heart ache, tá mo chroí dóite aige.
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
He is the admiration of everyone, tá moladh ag gach duine dó.
He turned it to advantage, chuir sé chun sochair dó féin é.
(Of event) It turned out to his advantage, is é rud a chuaigh sé ar sochar dó.
He affects big words, cumann sé caint ghalánta dó féin.
He gained her affections, d'éirigh leis gur thug sí grá dó.
He can well afford to build a house, is dó is fusa teach a dhéanamh.
He is afraid to do it, ní ligfidh an eagla, an faitíos, dó a dhéanamh; tá eagla air é a dhéanamh.
I come after he goes, tiocfaidh mise tar éis dó sin imeacht, nuair a bheas seisean imithe.
At half-past two in the afternoon, leathuair tar éis a dó tráthnóna.
He gives himself, puts on, airs, bíonn éirí in airde ag cur as dó.
He was burned, buried, alive, dódh, cuireadh, beo beathach é.
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
What providence allotted to him, an rud a gheall an chinniúint dó.
He has an allowance of £100 a year, tá céad punt sa bhliain gearrtha dó.
He almost fell, dóbair dó titim, is beag nár thit sé.
Leave, let, him alone, (i) éist leis, lig dó; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó.
Two hundred and two, dhá chéad is a dó.
To do sth. anyhow, rud a dhéanamh ar chuma éigin, rud a dhéanamh ar dhóigh ar bith (maith olc é).
If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
He was appointed to the post, tugadh an post dó, ceapadh sa phost é.
The nearest approach to it, an rud is cóngaraí dó; an rud is cosúla leis.
He arranged matters as to please everyone, shocraigh sé na gnóthaí ar dhóigh a shásódh gach aon duine.
Peace (be) to his ashes, trócaire air, suaimhneas síoraí dó.
I cannot pardon his assumption of my name, ní féidir liom a mhaitheamh dhó gur ghlac sé m'ainm chuige féin.
Method attended by great difficulties, dóigh a bhfuil deacracht mhór ag baint léi.
He stood up automatically, d'éirigh sé ina sheasamh gan smaoineamh air féin, gan fhios dó féin.
I became aware of a smell of burning, mhothaigh mé boladh dóite.
One, two, three, and away, aon, dó, trí agus imígí!
An awkward state, dóigh mhíshásta.
He struck me, and I struck him back, bhuail sé mé, is thugas an t-athbhuille dó.
It's not bad, not so bad, it isn't half bad, dheamhan a bhfuil basctha dó, níl locht air.
He badgered me into giving it to him, bhí sé ag gabháil dom gur thug mé dó é.
Mth: Bar two, a dó barrtha.
He had to battle against the wind, b'éigean dó streachailt in éadan na gaoithe.
(Time) It is twelve o'clock, tá sé a dó dhéag.
He was never to see them again, ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís.
The love she bore him, an grá bhí aici dó.
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
It does not behove him to boast, is olc a oireann an mórtas dó; ní aigesean atá a bheith ag maíomh.
It ill beseems him, is olc a thig sé dó, is olc an mhaise dó é.
He bestowed the hand of his daughter on him, thug sé a iníon le pósadh dó.
He was bewailing his lot, bhí sé ag mairgneach faoina dhóigh.
The frost has bitten the leaves, tá na duilleoga dóite ag an sioc.
Pepper bites the tongue, dónn piobar an teanga.