PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can't abide him, ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis.
I am able to do it, tig liom a dhéanamh.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
The walking has made my bones ache, d'fhág an siúl mo chnámha síos liom; tá mé stromptha de bharr an tsiúil.
He acknowledged my assistance, chúitigh sé mo chuidiú liom.
He acted as a friend to me, bhí sé cairdiúil liom.
It affects me personally, tá baint ar leith aige liomsa.
He is well, ill, affected towards me, tá bá, fiamh, aige liom.
I am afraid he will die, is eagal liom go bhfuil an bás aige.
I am afraid that he will not come, is eagal liom nach dtiocfaidh sé.
I’m afraid it is so! is eagal liom!
F: I'm afraid I can't tell you that, is oth liom nach dtig liom sin a rá leat.
I put Milton after Dante, is fearr dar liom, Dante ná Milton.
'That is so,' he agreed, ‘is fíor sin,' ar seisean, ag teacht liom ar an scéal.
F: I can't live on air, ní thig liom bheith beo ar an ngaoth.
I want to speak to you alone, ba mhaith liom labhairt leat i leataobh.
Try and help me, féach le cuidiú liom.
He was angry with me, bhí sé i bhfeirg liom, bhí colg air liom.
He got annoyed at me, tháinig rothán air liom.
I cannot go any further, ní thig liom dul níos faide.
Can I do anything for you? an bhfuil rud ar bith a thiocfadh liom a dhéanamh duit?
He apologized to me, d'iarr sé a phardún orm, ghabh sé a leithscéal liom.
In spite of his apparent indifference, cé go sílfeadh duine go raibh sé ar nós chuma liom.
The plan appeals to me, taitníonn an plean sin liom.
I don't approve of your friends, ní thaitníonn do chairde liom.
I approve of your having done it, is maith liom go ndearna tú é.
I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom.
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
I cannot pardon his assumption of my name, ní féidir liom a mhaitheamh dhó gur ghlac sé m'ainm chuige féin.
I am astonished that. . ., is mór an t-ionadh liom go . . . .
I must away, caithfidh mé imeacht liom.
He turned his back on me, (i) thug sé a chúl liom; (ii) d'fhág sé ansin mé.
He had his back to me, bhí a chúl liom.
I will die before I yield, b'fhearr liom mo bhás ná géilleadh.
That book belongs to me, is liomsa an leabhar sin.
The best I could, chomh maith agus a tháinig liom.
I am in his good books, tá dáimh aige liom, tá sé mór liom.
I am in his bad books, tá fiamh aige liom, tá an cat crochta romham aige.
Don't bother me! ná bí do mo bhodhrú! éist liom!
Don't bother (your head) about me, ná buair do cheann liomsa.
F: I can't be bothered, ní fiú liom bacadh leis.
I cannot bring myself to believe it, ní féidir liom é a chur ina luí orm féin, ní féidir liom é a chreidiúint.
F: I have brought it off, d'éirigh liom.
v.i.He brushed against me, theagmhaigh sé liom.
I'm built that way, sin dóigh atá liom.
I bunk off, do a bunk, ligim liom féin, caolaím liom.
I cannot but believe that..., ní féidir liom gan a chreidiúint go ...
I feel called upon to warn you that. . ., is é mo dhualgas, dar liom, thú a chur ar d'aireachas . . .
I can do it, is féidir liom, tá sé ar mo chumas, é a dhéanamh.
I could have wished it otherwise, b'fhearr liom ar bhealach éigin eile é.