PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Law in abeyance, dlí nach gcuirtear i bhfeidhm.
He was conspicuous by his absence, thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann.
Why were you absent from school? cén fáth nach raibh tú ar scoil?
Long absent soon forgotten, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann.
F: I am all aches and pains, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
Admitted truth, fírinne f nach séantar.
I doubt the advisability of it, tá eagla orm nach rud inmholta é.
I am afraid that he will not come, is eagal liom nach dtiocfaidh sé.
F: I'm afraid I can't tell you that, is oth liom nach dtig liom sin a rá leat.
I agree that he was wrong, admhaím nach raibh an ceart aige.
In a tone which allowed of no reply, i nglór nach bhfulaingeodh freagra.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
He answered that he did not know, d'fhreagair sé is dúirt sé nach raibh a fhios aige.
That argues him to be a coward, sin cruthú nach bhfuil ann ach cladhaire.
To argue that sth. is impossible, a áiteamh nach féidir rud a bheith amhlaidh.
As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht.
Be well assured that. . ., ná bíodh lá amhrais ort, ná bíodh ceist ar bith ort, nach.. .
While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach...
To attempt the impossible, féachaint le rud nach bhfuil indéanta.
F: There is a rude awakening in store for him, nach as a bhainfear an mealladh, bainfear as a chleachtadh é.
What an awful scoundrel! nach é an bithiúnach críochnaithe é!
F: He got more than he bargained for, fuair sé rud nach ndearna sé margadh air.
(Emphatically) Isn't it very cold, nach é atá fuar!, (Yes), it is, tá, is é.
(Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair!
Words that don't bear repeating, focail nach bhfuil inrásta a athrá.
You're a lucky beggar! nach ort atá an t-ádh! tá an t-ádh i do chaipín!
He turned a blind eye to it, lig sé air féin nach bhfaca sé é.
Blind alley occupation, post nach dual biseach dó.
A straightforward bluff man, fear nach gcuireann fiacail ann.
Hard words break no bones, níl cáin sa bhuille nach mbuailtear.
Statement bordering on truth, scéal nach bhfuil i bhfad ón bhfírinne.
The bourne from which no traveller returns, an saol nach dtagann éinne ar ais as.
To bow to the inevitable, géilleadh don rud nach bhfuil inseachanta.
It's none of your business, nach cuma duitse.
Never a year passes but he writes to us, níl bliain ar bith nach scríobhann sé chugainn.
Who knows but that he might come? cá bhfios nach, ná go, dtiocfadh sé?
I do not doubt but that he will come, níl amhras ar bith orm nach, ná go, dtiocfaidh sé.
Not but that I pity you, agus ní hé nach bhfuil trua agam duit.
F: Butter would not melt in her mouth, shilfeá nach leáfadh an t-im ina béal, nach mbeadh baint an uain ón gcaora inti.
What do I care? nach cuma liom?
You don't catch me! nach bog a d'fhásfadh an olann orm!
An argument that lacks cohesion, argóint nach bhfuil ag teacht le chéile.
What a comical idea! nach barrúil, aisteach, an smaoineamh é.
I am too deeply committed to draw back, tá mé chomh domhain anois ann agus nach bhféadfaidh mé éirí as.
He conceded that he was wrong, d'admhaigh sé nach raibh an ceart aige.
It is no concern of yours, nach cuma dhuit?
From this I conclude that . . ., is é an mheabhair, an t-adhmad, a bhainim as seo, go (nach) . . .
Conflicting evidence, fianaise nach bhfuil ag teacht le chéile.
Ideas that are not consistent, barúla nach bhfuil de réir a chéile.