PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was admiring herself in the glass, bhí sí ag breathnú uirthi féin sa scáthán agus aoibhneas uirthi léi féin.
She had an affair with an Englishman, bhí sí mór le Sasanach tamall.
He gained her affections, d'éirigh leis gur thug sí grá dó.
She is early afoot, is luath atá sí ar a cois.
She is all impatience, tá sí lán le mífhoighne.
She is angling for a husband, ag iarraidh fear céile atá sí.
Her only answer to me was to weep, ní thug sí de fhreagra orm ach tosú ag gol.
The anchor is apeak, tá sí díreach os cionn an ancaire.
He had her on his arm, bhí sí ar bhacán a láimhe leis.
She took my arm, chuir sí lámh i m'ascaill.
She's at it again (i.e., crying, etc.), tá sí ar obair arís.
(Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu.
She's not bad-looking, tá sí sách dathúil.
She bashed him on the head, chnag sí sa chloigeann é.
She was standing beside him, bhí sí ina seasamh taobh leis.
She was in the flower of beauty at the time, bhí sí i mblás a háilleachta san am.
She was a beauty in her day, bhí lá agus bhí sí go dathúil.
She began to cry, thosaigh sí ag caoineadh; dhírigh sí, chrom sí, ar chaoineadh.
She looked her best, bhreathnaigh sí i mbarr a scéimhe.
She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta.
F: She had on her best bib and tucker, bhí sí cóirithe ina culaith Dhomhnaigh.
She gave premature birth to a child, scar sí le duine clainne.
She blossomed into a fine girl, d'éirigh sí ina cailín breá, rinne sí cailín breá.
She hid the letter in her bosom, d'fholaigh sí an litir ina hochras.
She was on the brink of tears, bhí sí ar tí goil.
A new broom sweeps clean, scuab úr scuabann sí glan.
When she took her call, nuair a tháinig sí amach ar aghaidh an chuirtín.
She is as pleased as can be, tá sí chomh sásta le píobaire.
F: She set her cap at him, chuir sí roimpi é a mhealladh.
He doesn't care for her, ní thaitníonn sí leis.
She carried on dreadfully, rinne sí an ball séire.
F: She made a cat's paw of him, rinne sí cúl dín de.
F: She has neither chick nor child, tá sí gan ua gan iarmhar.
Nau: (Of ship) It cleared its quarantine, chuir sí isteach a coraintín.
It coiled (itself) up, (of snake) rinne sí corna di féin; (of cat) rinne sé lúb, coirb, de féin.
She lost her colour, chaill sí a snó, a lí.
She is off colour, tá sí drochshnóch, tá meathlaíocht éigin uirthi.
She gave her hair a comb, tharraing sí an chíor trína gruaig.
When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air.
He did not come up to her expectations, níor chruthaigh sé chomh maith agus a bhí sí ag súil leis.
She kept her countenance, choinnigh sí guaim ar a dreach.
She had a good cry, chuir sí taom maith goil di.
She had her cry out, chaoin sí uisce a cinn.
Nau: She cut her moorings, d'fhuadaigh sí; tharraing sí na téada.
To cut a long story short, she left him, le scéal gairid a dhéanamh de, d'imigh sí uaidh.
She was dabbing her eyes with a handkerchief, bhí sí ag tabhairt smitíní beaga den chiarsúr dá súile.
Daisy chain, slabhra m sí.
F: She is leading him a dance, tá sí ag tabhairt a dhóthain le déanamh dó.
He dropped down dead, thit sí fuar marbh.
She was delivered of a child, chuir sí a cúram di.