PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abide by a promise, seasamh do ghealltanas, gealltanas a chomhlíonadh.
To abide the test, an triail a sheasamh.
I can't abide him, ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis.
A mountain rises above the lake, tá cnoc ina sheasamh ar imeall an locha.
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
To stand aside, seasamh i leataobh.
He stood up automatically, d'éirigh sé ina sheasamh gan smaoineamh air féin, gan fhios dó féin.
To back (up) s.o., sth., seasamh le duine, le rud; tacaíocht a thabhairt do dhuine, do rud.
The farmers are the backbone of the country, is ar na feirmeoirí atá seasamh na tíre.
He balanced himself on his hands, d'fhan sé ina sheasamh ar a lámha.
She was standing beside him, bhí sí ina seasamh taobh leis.
To bear up against, under, misfortune, an fód a sheasamh in aghaidh na tubaiste; cruachan in aghaidh na hanachaine.
To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
To stand in a circle, seasamh i bhfáinne.
To clan together, seasamh le chéile.
They are standing close together, tá siad ina seasamh, le taobh, le punt, a chéile.
To nail one's colours to the mast, an fód a sheasamh.
To confront s.o., seasamh ar aghaidh duine amach, i láthair duine.
To put a child in the corner, leanbh a chur ina sheasamh sa chúinne (mar phionós).
A dead-and-alive person, bás m ina sheasamh.
He is depending on himself, tá sé ag seasamh ar a bhoinn féin.
To do an examination, scrúdú a sheasamh, dul faoi scrúdú.
To do well by s.o., seasamh go maith do dhuine; comaoin a chur ar dhuine.
I cannot do with any noise, ní féidir liom aon fhothram a sheasamh.
He fell down, thit sé as a sheasamh.
He almost dropped (with surprise), is beag nár thit sé as a sheasamh (le hiontas).
I am ready to drop, táim i riocht titim (leis an tuirse), táim ag titim as mo sheasamh.
To drop in on s.o., seasamh istigh ag duine.
To keep one's end up, an fód a sheasamh.
On end (i) (Of barrel) ina sheasamh, ar a cheann. S.a. HAIR 1.
I can't endure being disturbed, cur isteach orm, sin rud nach féidir liom a sheasamh.
To stand erect, seasamh díreach.
He is now unequal to the exertion of travelling, ní fhéadfadh sé anró an taistil a sheasamh faoi láthair.
To face it out, an fód a sheasamh le teann dánachta.
To keep faith with s.o., seasamh le gealltanas do dhuine.
To stand fast, seasamh go daingean diongbháilte.
To put up a good fight, an fód a sheasamh go maith.
To be steady under fire, an fód a sheasamh ar aghaidh na bpiléar.
I am firm as to that, tá mé ag seasamh ar an bpointe sin, ní ghéillfead sa phointe sin.
To stand firm, seasamh go teann, go daingean.
I felt fit to drop, bhíos i riocht titim as mo sheasamh.
To stand without flinching, seasamh gan cúbadh.
He kept his feet, (i) d'fhan sé ina sheasamh, choimeád sé a sheasamh; (ii) F: choimeád sé a ghreim; sheas sé an fód.
He is on his feet, tá sé ina sheasamh.
To present an unbroken front, seasamh gualainn ar ghualainn, gualainn le gualainn.
Fenc: To show less front, seasamh cliathánach.
To run the gauntlet of adverse criticism, feannadh, sciúirseáil, a sheasamh ó léirmheastóirí.
Get up! Éirigh! éirigh i do sheasamh!
To keep good, seasamh gan lobhadh.