DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
is ar éigin (níl ann ach go n-aithním iad)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
aird, aire (tá beann aige ar a chlú); spleáchas (níl beann agam ort; tá mé beag beann ort)
aon, gan aon (má tá cuidiú ar bith agat; níl duine ar bith istigh)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
gá, riachtanas (níl aon chall leis; ní call duit labhairt); ceart, éileamh (níl aon chall agat dó, chuige)
cén ceann nó duine díobh (cé acu is fearr leat? níl a fhios agam cé acu)
feistiú nó greamú le rópa, corda etc.; rópa nó corda ceangail (bain an ceangal de); dualgas (níl ceangal orm é a dhéanamh)
ceart, cothrom (níl ceart ná cóir aige); cion nó sciar ceart (níor ith sé ach a chóir); freastal ceart (chuir sé cóir mhaith orm; cóir leighis a chur ar dhuine); bail cheart (tá gach ní i gcóir againn); feisteas nó fearas ceart (cóir oibre, cóir thaistil); gaoth fhabhrach (seoladh le cóir ghaoithe)
coibhneas, comórtas; cosúlacht (níl aon chomparáid eatarthu)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
ar dhéanamh ciorcail nó liathróide, rabhnáilte; bailithe le chéile (cruinn sa halla); díreach ceart, gan aon dearmad (eolas cruinn, aimsiú cruinn); ceart sa cheann (níl sé róchruinn ann féin); sprionlaithe, gortach (cruinn faoi bhia)
suim nó cuid mhaith; teorainn (níl aon chuimse leis; dul thar cuimse leis)
cruth, déanamh; dealramh, féachaint (cuma na hoibre; níl cuma ná caoi air); slí, dóigh (ar chuma éigin, ar aon chuma)
ábaltacht, neart (cumas a bheith ionat; bheith i gcumas rud a dhéanamh; níl sé ar mo chumas)
aire, freagracht (cúram tí, cúraimí stáit); clann, teaghlach (lánúin gan chúram); dualgas, diúité (ag freastal ar mo chúram féin); gá (níl aon chúram agam de)
lí nó cosúlacht ruda nuair a bhíonn solas air (dath dearg, dath buí, dath gorm, dath glas); dealramh (dath na fírinne); dada, faic (níl a dhath, aon dath, fágtha)
cómhaith (níl a diongbháil de bhean le fáil); fiúntas, maitheas (brí agus diongbháil na hargóinte); seasmhacht; deimhniú, daingniú (fuair sé diongbháil ann)
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
déanamh díchill i ndiaidh ruda; iomaíocht (ag dréim, i ndréim, le duine, faoi rud); súil (níl raibh dréim agam leis; ag dréim le hardú céime)
iarratas dian, iarraidh ruda mar cheart (d'éiligh sé go raibh an ceart aige); lorg (ag éileamh an chíosa); iarraidh, ráchairt (éileamh mór a bheith ar bhailéid; níl éileamh aige ar a chuid); gearán, cásamh (ag éileamh as aicíd; ag éileamh ar na páistí)
rud ar bith, dada (níl faic air; níl sé ag déanamh faic)
leathan, scóipiúil, spásmhar; flúirseach (níl an t-airgead fairsing); ginearálta (eolas fairsing); fial flaithiúil (croí fairsing)
níl, ní raibh, a fhios agam (ní fheadar cá bhfuil, cá raibh, sé)
níl, ní raibh, a fhios againn
úsáid, seirbhís; gnó, diúité, obair (tá sé in aois feidhme); éifeacht (an dlí a chur i bhfeidhm); iarracht (feidhm a thabhairt ar rud); gaisce, aicsean (fear feidhme); gá, riachtanas (an rud atá d'fheidhm ort, níl feidhm dom a rá)
suim airgid atá amuigh ar dhuine; coir nó peaca (maith dúinn ár bhfiacha); luach, costas (níl fiacha na mbróg agam); oibleagáid, iallach (tá sé d'fhiacha ort é a dhéanamh)
díol tairbhe nó luacha (is fiú £100 é; ní fiú dada é; níorbh fhiú é a rá); a oiread is (níl fiú na mbróg air; go fiú na pingine; gan fiú beannú dúinn); (mar dob ) (níl sé leathlán fiú; fiú amháin dá mbeinn ann)
ar fheabhas, den scoth (níl sé ar fónamh inniu)
fíneog; aon rud beag bídeach (níl oiread na fríde ann)
aer ag gluaiseacht; aer ag séideadh go láidir, stoirm (gaoth mhór); gás sna putóga; caint áibhéalach bhladhmannach (níl ina chuid cainte ach gaoth); leid, siolla (gaoth an fhocail a fháil); aer (beo ar an ngaoth; cuir gaoth sa lamhnán)
cóngar, deiseacht (i ngar dom); seirbhís, áis, beart fónta (gar a dhéanamh do dhuine); maitheas (níl gar i gcaint)
an obair a bhíonn ar siúl ag duine de ghnáth (do ghnó a dhéanamh); feidhm, cás (gnó do dhochtúir é); obair thráchtála (gnó a chur ar bun); gá, riachtanas (tá gnó agam díot; níl gnó agam leis); cúis, cúram (déanamh do ghnó de rud a bheith agat); gnáthchúrsaí (gnóthaí an tsaoil); obair, déantús, cúram (gnóthaí Dé)
brí, fuinneamh, spreacadh (níl aon ghus ann); teaspach, mórchúis (an gus a bhaint as duine)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail san iolra agus a úsáidtear (in aonad siad) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (ní hiadsan iad; briseadh iad; daoine mar iad; níl agam ach iad)
dúnadh (d'iaigh sé an doras); fraitheacha (níl greim faoi iamh an tí)
lorg, éileamh (d'iarr sé punt orm, níl iarraidh ar an leabhar seo); iarracht a dhéanamh (ag iarraidh éirí); fogha, amas (thug sé iarraidh bhuailte orm); uair, babhta, iarracht (an iarraidh seo)
iarraidh, lorg (bheith san iarratas, ag iarratas); cur isteach go foirmiúil (iarratas ar phost, ar cheadúnas); éileamh, trácht (níl aon iarratas ar bheithígh); lorg síntiús (iarratas do scoil nua, ag bailiú iarratas)
(sa ghramadach) cáilíocht ainmfhocail a fhágann de ghnáth gur féidir é a rá leis nuair atá sé firinscneach agus í nuair atá sé baininscneach (Níl aon inscne neodrach sa Ghaeilge anois)
focail nó siombailí scríofa a thuiscint; focail scríofa a rá os ard (léigh amach é); rá (cé a léigh an tAifreann?); bua na léitheoireachta (níl léamh ná scríobh aige); ciall, míniú, léiriú (cártaí, lámh duine, a léamh); tuiscint, dul amach (níl aon léamh ar an bhfear sin)
giota beag, ceirt, giobal (níl luid éadaigh air)
creimire beag téagartha a réabann poll dó féin sa talamh (Níl sé le fáil in Éirinn taobh amuigh den Zú)
barúil mheáite, breithiúnas (do mheas a thabhairt ar rud); cion, urraim (níl meas agam air, mise le meas); luacháil (earraí a mheas); ceapadh (mheas mé go dtiocfá); mórchúis, mustar
cuid mhór, a lán (mórán daoine; le mórán dua; níl sé mórán níos fearr)
= nó in abairt dhiúltach (níl mac ná iníon aige)
duine atá naimhdeach leat nó a throideann tú; tír nó fórsa airm in aghaidh tíre eile; rud mar bhia, etc. nach réiteodh leat (níl aon namhaid agam ach é)
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
garmhac (níl mac ná ó aige); (i sloinnte) (Seán Ó Briain); (Bean Uí Mháille; Mac Uí Dhónaill)