DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmneacha briathartha (á chosaint, á cosaint, á gcosaint; bhí sé á gceannach; bhí siad á gceannach aige)
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
dhá chnapán bheaga feola ar chúl na sróine a chuireann isteach ar an anáil nuair a atann siad
substaint, ar nós sóid loiscneach nó potais, atá i gcontráil cheimiceach le haigéad agus neodraíonn siad a chéile nuair a mheasctar iad
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
ceann leis an gceann eile (aithníonn siad a chéile, mar a chéile iad)
eolaíocht a dhéanann amach cén mianach atá i substaintí agus cén tionchar a imríonn siad ar a chéile
oifigeach a scrúdaíonn ábhar clóite nó scannáin agus é de chumhacht aige a rá an bhfuil siad oiriúnach le scaoileadh i measc an phobail
samhail ar scannán ina bhfuil an trom agus an t-éadrom bunoscionn leis an tslí ina bhfuil siad sa nádúr
cumann a thagann le chéile ó am go ham chun gnó áirithe a dhéanamh; an foirgneamh a dtagann siad le chéile ann, clubtheach
húda; cába, clóca; faighneog; colg feirge, círín (chuaigh siad i gcochall a chéile); líon nó eangach i bhfoirm póca chun iasc a thabhairt isteach
cás síodúil a shníomhann cuid mhaith cruimheanna feithidí thart orthu féin go mbíonn siad aibí
buairt faoi chaill duine eile (rinne siad comhbhrón léi faoi bhás a hathar)
réiteach idir dhá thaobh ina ngéilleann siad araon beagán dá chéile
an leithead céanna (tá siad ar comhleithead le chéile)
fíoch feirge; craos, cíocras (confadh ocrais, confadh chun feola); drochghalar inchinne a thagann ar mhadraí agus ar ainmhithe eile agus a thig leis an duine a thógáil uathu má bhaineann siad greim as
dealramh (tá cosúlacht na sláinte air; tá cosúlacht báistí air); macasamhail, pictiúr (tá a chosúlacht anseo agam); go leor (d'ól siad cosúlacht)
= do3 + a4 (thug sé dá mhac é; rinne sí dá máthair é; gheall siad dá gclann é) de + a4 (duine dá chairde; bean dá gaolta; cuid dá dtailte)
seanchas faoi áiteanna, conas a fuair siad a n-ainm, eachtraí móra a tharla iontu, etc.
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha nó mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
am crúite bó; go déanach ar maidin, nóin; seal tamaill, eadarlúid (rinne siad eadra cainte)
brú ruda le leacht a bhaint as (éadach, oráiste, a fháscadh); teannadh (lámh, snaidhm, téad, a fháscadh); teannadh, druidim, le (tá siad ag fáscadh orainn); teannadh (fáscadh chun reatha)
nós a dhéanamh de, taithí, cleachtadh; lonnú (an t-oileán is mó a ghnáthaíonn siad)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail san iolra agus a úsáidtear (in aonad siad) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (ní hiadsan iad; briseadh iad; daoine mar iad; níl agam ach iad)
spás a dhealaíonn dhá rud óna chéile (idir a trí is a ceathair); istigh i measc (idir na tithe, istigh eatarthu); le chéile, i dteannta a chéile (cheannaigh siad eatarthu é; eadrainn féin an chaint seo); leath slí (idir shúgradh is dáiríre); araon, le chéile (idir chorp is anam)
fórsa na tarraingthe i dtreo an domhain, nó idir chorpáin eile na spéire, a bhraitheann ar an achar atá siad ó chéile
ón áit amuigh go dtí an áit istigh; in éineacht le (chuir sé punt isteach leis); muinteartha (bheith isteach le duine; bíonn siad isteach is amach le chéile)
bia a chaitheamh; greim bia (tá ithe agus ól ann); cogaint (ag ithe a chuid ingne); creimeadh (an fharraige ag ithe an chósta); feannadh, sciolladh (íosfaidh siad a chéile); slogadh (bhí sé ag ithe na cainte); marú, céasadh (ite ag an tochas, ag an éad); (le farraige) imeacht ina briotaí, oibriú go sceanúil
focail a rá (ná labhair air); cumarsáid a dhéanamh, (ní labhraíonn siad le chéile); caint (labhraítear Gaeilge anseo); canadh (mar a labhraíonn an chuach)
clabhta, sceilp; duine nó ainmhí mór ramhar; cluiche idir bheirt nó idir dhá bheirt ina mbuaileann siad liathróid le raicéid de dhroim líontáin chun a chéile
meáchan neamhchothrom, míchothrom; éagóir, foréigean (rinne siad leatrom air)
casadh a bhaint as alt nó féitheog agus go n-atann siad, gortú (cos leonta; ag leonadh a chéile)
feithid cosúil le dreoilín teaspaigh mór (Imíonn siad ina scaotha, ag ithe agus ag milleadh luibheanna agus barr)
athrú, athrach (malairt éadaigh, aeir, saoil); babhtáil (rud a fháil ar malairt; rinne siad malairt áite le chéile)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
áras ina gcónaíonn éin, mar aon le roinnt ainmhithe beaga agus feithidí, agus a dtógann siad a rudaí óga ann (nead giorria, nead dreoilín; nead seangán); áras seascair ag duine; buíon, drong (nead bithiúnach)
eagar, socrú rialta ar rudaí i spás nó in am (ord aibítre; tá siad in ord agus in eagar agam); eaglaisigh faoi riail (ord Loreto, ord San Doiminic); eagraíocht faoi aon riail (An tOrd Oráisteach)
grúpa daoine den aon aicme amháin, mar shampla páistí sa bhliain chéanna ar scoil; líne daoine; céim (tá siad ar aon rang amháin)
a dhéanamh réidh, glanadh; achrann a fhuascailt (snáth a réiteach); deasú, ullmhú, cur in ord (gruaig a réiteach); freagairt, fuascailt (ceist, argóint, a réiteach); aontú (ní go maith a réitíonn siad le chéile); dul síos (le) (ní réitíonn an bia sin liom)
neart, fuinneamh (nuair a bhí siad ina sea); suim, aird (sea a chur i rud); meas
níos túisce ná, ach (aon ní seachas a bheith díomhaoin); i gcomparáid le (tá siad go breá anois seachas mar a bhí)
análú amach, aer a thiomáint amach as an mbéal; síobadh aeir, gaoithe etc. (séidfidh an oíche fós); líonadh le haer (balún a shéideadh); lasadh agus at (aghaidh shéidte); cur go fras (ag séideadh fola); caitheamh (séid isteach ansin é); ionsaí (shéid siad ar an obair); cur suas, griogadh (ag séideadh fút a bhí sé)
obair do dhuine eile, obair aimsire; obair i bhfórsaí nó i ranna an rialtais; na hoifigigh sna ranna sin agus an obair a dhéanann siad (an státseirbhís); searmanas diaga nó eaglasta
baint nó tarraingt le fórsa (shrac siad an t-éadach de; shrac an bád an t-ancaire); fadhbáil (táimid ag sracadh linn); babhta, tamall (sracadh breá codlata); neart, fuinneamh (fear a bhfuil sracadh ann)
teacht chomh fada le (nuair a shroich siad port; tá an dá scór sroichte aige); fáil, gnóthú (shroich sé bean mhaith dó féin); síneadh (má shroichimse chomh fada leat); teacht (níl sroicheadh agam air)
torthaí bruite le siúcra go mbíonn siad ramhar bog
cluiche do bheirt ina gcorraíonn siad dioscaí in aghaidh a chéile ar chearnóga ar chlár imeartha